Come on na mBan, An Góilín, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell, Dé hAoine 8 Feabhra @ 19:30
Teideal oiriúnach d’ócáid a spreagfaidh mná le go gcloisfear i mbun amhrán iad!
Seo an dara hócáid dá leithéid a eagraíodh le tamall anuas a thugann cuireadh do mhná a gcuid amhránaíochta a chleachtadh. Aidhm na ceardlainne seo ná misneach a thabhairt don lucht freastail amhráin a rá ag ócáidí sóisialta nó imeachtaí ceolmhara. Iarrtar ort teacht le díreach véarsa nó smut d’amhrán grá (agus Lá le Vailintín ag teannadh linn!) ullmhaithe agat le canadh. Beidh seisiún seachtainiúil amhránaíochta de chuid An Góilín ar siúl ina dhiaidh sin, agus míle fáilte romhat fanacht dó sin chomh maith!
Pop Up Gaeltacht, Óstán Buswells, Dé hAoine 8 Feabhra @ 19:00;
Pop Up Gaeltacht/PopUp Gàidhealtachd/Gaeltacht Obar Dheathain, The Blue Lamp, Aberdeen Dé Máirt 12 Feabhra @ 19:00
Bheadh sé ait mír na n-imeachtaí a chur le chéile gan tagairt do Pop Up Gaeltacht a bheith ann — léiriú cruinn ar rath na n-ócáidí gach seans. Mar sin, seo dhá cheann a bheidh ar siúl sna laethanta romhainn!
Anocht, beidh dream ag teacht le chéile in Óstán Buswells sa chathair chun ‘bheith ag labhairt Gaeilge le chéile.
Gaeil na hAlban a bheidh ag bailiú le chéile ag macasamhail d’ócáid sa tír sin Dé Máirt seo chugainn — an chéad uair dona leithéid a bheith ar bun ann, de réir dealramh! Go n-éirí leo agus súil agam go leanfaidh siad leis an NÓS!
Kneecap ar camchuairt:
McKenna’s, Muineacháin, Dé hAoine 8 Feabhra @ 20:00;
An Spailpín Fánach, Corcaigh, Dé Sathairn 9 Feabhra @ 20:00;
Róisín Dubh, Gaillimh, Déardaoin 14 Feabhra @ 20:00
Ahh sea, tá geabairí Kneecap ar tí tabhairt faoi chamchuairt! Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Provaí a bheidh ag taisteal na tíre ag scaipeadh a soiscéal le sraith de choirmeacha, cuid a bhfuil ticéid fós ar fáil dóibh, cuid eile atá díolta amach go hiomlán.
Beidh an triúr i Muineacháin, le tacaíocht ó Dysania, i gCorcaigh sa Spailpín Fánach (Barry Wilson agus Silverbacks le bheith ar an ardán an oíche chéanna), agus sa Róisín Dubh i nGaillimh.
Faraor níl ticéad ar bith le fáil chuig gig na Gaillimhe, ach bí ar an eolas go mbeidh siad i mBaile Átha Cliath, Luimneach agus Béal Feirste as seo go deireadh na míosa, agus go bhfuil gach eolas le fáil ar na leathanaigh atá acu ar na meáin shóisialta faoi na seisiúin sin!
Tionól Nioclás Tóibín, Rinn Ua gCuanach, 8-10 Feabhra 2019
Is i Rinn Ua gCuanach a léireofar meas don sár-amhránaí Nioclás Tóibín an deireadh seachtaine seo ag teacht. An tráth seo bliana i gcónaí a eagraítear Tionól Nioclás Tóibín, agus cuirfear tús leis na himeachtaí anocht leis an oscailt oifigiúil, nuair a bhronnfar Gradam Niocláis ar Peter Browne.
Beidh ceardlanna ar bun i gcaitheamh an lae Dé Sathairn agus craolfar an clár Togha agus Rogha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Thigh Uí Mhaonaigh chomh maith, le Pádraig Ó Sé sa chathaoir. Tabharfaidh an Dr. Ciarán Ó Gealbháin léacht uaidh agus beidh Coirm Mhór na Féile ar bun chomh maith, le leithéidí Máire Ní Chéilleachair, Irial & Aodán Uí Ceallaigh, Meaití Jó Shéamuis agus Nell Ní Chróinín páirteach. Tiocfaidh clabhsúr leis na himeachtaí ar an Domhnach, le hAifreann an Lae, Club an Tionóil agus seoltaí dhlúthdhioscaí. Deireadh seachtaine mór roimis mhuintir na nDéise!
Seoladh dhlúthdhiosca le hÉamonn Mac Donncha, Piece of Mind, Tigh Phlunkett, Leitir Móir, Dé Sathairn 9 Feabhra @ 21:00
Tá dlúthdhiosca nua díreach eisithe ag Éamonn Mac Donncha. Piece of Mind atá mar theideal air agus seoladh é an deireadh seachtaine seo caite i Ráth Chairn Glas na Mí, sa Bhradán Feasa. Beidh seoladh eile ag Éamonn an deireadh seachtaine seo mar go mbeidh sé i Leitir Móir i gConamara. Is Tigh Phlunkett a bheidh sé agus an banna Na Hot Toddies ina theannta, agus iad i mbun seisiún ceoil. Tá blaiseadh de na hamhráin ata air cloiste agam agus is iad atá go deas, ina measc Cuimhne na dTrí Mhuire agus Amhrán an Phoitín.