Comhordaitheoir á lorg ag An tUltach leis an iris a chaomhnú

Tá comhordaitheoir á lorg ag An Ultach le breathnú i ndiaidh chartlannú ábhar na hirise Gaeilge. Tuairiscíodh ar NÓS níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil deireadh leis an leagan clóite de An tUltach a bhí á fhoilsiú go míosúil ó bhí 1924 ann. 

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, ón iris, le NÓS go raibh deontas faighte ag An tUltach leis an “ábhar saibhir” atá ar leathanaigh na hirise a chaomhnú i gcartlann dhigiteach. Fógraíodh aréir go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas sin agus comhardaitheoir á lorg. 

Stair faoi cheilt — oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh a fhiosrú trí shúile An tUltach an teideal atá ar an togra agus tá an maoiniú á fháil ón Heritage Lottery Fund. 

Is ag braith ar oibrithe deonacha a bheidh an comhordaitheoir nua leis “na hailt is spéisiúla a aimsiú” i gcartlann fhisiceach na hirise. Tabharfar grúpaí d’oibrithe deonacha “de gach aois” le chéile, daltaí scoile agus scoláirí ollscoile ina measc, le tochailt sa gcartlann. Tabharfar “bunoiliúint” sa gcartlannaíocht agus i scileanna eile taighde do na hoibrithe deonacha seo. 

“Tá sé iontach suimiúil amharc siar ar na ceisteanna a raibh pobal na Gaeilge i gCúige Uladh ag cur spéis iontu san am a chuaigh thart. Tá saibhreas mór seanscéalta agus amhrán a bailíodh i gceantar Rann na Feirste sna 1920idí, 1930idí agus 1940idí, mar aon le gearrscéalta agus dánta de chuid na scríbhneoirí Conallacha is clúití ar fad. 

“Tá na cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil, agus tá plé ann ó 1972 ar na buntáistí a gus míbhuntáistí a samhlaíodh le ballraíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Eorpach. Ar ndóigh, tá macalla a leithéid de phlé ann inniu agus an Bhreatimeacht ar na bacáin,” a dúirt Gráinne Ní Ghilín, bainisteoir digiteach na hirise. 

Dúirt Gráinne go bhfuil “taifead iontach” ar fhorbairt na teanga “de réir mar a bhí sí ag titim amach” ar leathanaigh na hirise agus téarmaí nua á moladh go minic ag scríbhneoirí agus léitheoirí An tUltach in imeacht na mblianta. 

“De réir mar a bhíonn cúrsaí teicneolaíochta ag forbairt, bíonn gá le téarmaí nua agus bhíodh neart moltaí ag scríbhneoirí agus léitheoirí An tUltach maidir leis na gléasanna ba nua-aimseartha lena linn féin. Tá plé i gceann de na heagráin is luaithe ar fad, sna luathfhichidí, ar fhocail a bhaineann leis an cheamaradóireacht agus leis an ghrianghrafadóireacht. 

“‘Soilseachán’ an focal a moladh faoi choinne ‘photograph’ agus ‘deilbhmhír’ a moladh i gcás ‘snapshot’. Is taifead iontach é seo ar fhorbairt na teanga de réir mar a bhí sí ag titim amach,” a dúirt sí. 

Déanfar digitiú ar chuid den ábhar ón gcartlann “ionas go mbeidh fáil ag daoine ar fud na cruinne” ar oidhreacht shaibhir An tUltach agus tá sé i gceist ag lucht na hirise clár scoileanna a fhorbairt le hábhar ón gcartlann a rachaidh chun tairbhe do mhúinteoirí agus do dhaltaí scoile araon a chur ar fáil.