Mórchuid spraoi agus siamsa a bheidh ag an fhéile cheoil IMBOLC a thitfidh amach i gCathair Dhoire ag deireadh na míosa. Is i gCultúrlann Uí Chanáin a bheidh an t-aicsean idir an 28 Eanáir agus an 4 Feabhra agus scoth na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí as Éirinn agus tíortha i gcéin i láthair le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.
Tá an fhéile, a bunaíodh in 2016, ina buaicphointe i measc na n-imeachtaí ceoil agus cultúir a thiteann amach san Iarthuaisceart i rith na bliana. Ag tarraingt inspioráid ó nósanna agus ó bhunús na féile págánaí óna bhfuair sé a hainm, cuireann IMBOLC fáilte roimh thús an earraigh agus na hoícheanta geala le ceardlanna suimiúla agus ceolchoirmeacha spleodracha.
Ní hé an ceol traidisiúnta amháin a ndéanann an fhéile ceiliúradh air. Tabharfar ardán d’ealaíontóirí scaoileadh ó na gadraigh choisctheacha agus rudaí úra a thriail.
“Is cuma cén aois atá tú, cén seánra atá agat, nó cé chomh fada is atá tú ó Dhoire, tá an t-earrach díreach timpeall an choirnéil, ag fanacht leat i mbaile dúchais na féile, Cultúrlann Uí Chatháin,” a dúirt Eibhlín Ní Dhochartaigh, Stiúrthóir Ealaíne Phríomhionad Teanga agus Ealaíon Dhoire, faoi IMBOLC.
Tá an clár i mbarr a mhaitheasa ina naoú bliain ar an fhód. Chomh maith le ceolcheoirm do theaghlaigh le Kila agus gig ar son na Palaistíne le leithéidí Gráinne Holland agus Kaia Kater, beidh ceardlann ar an damhsa seán-nóis agus seó le Supercéilí.
Thairis sin, déanfaidh IMBOLC ceiliúradh ar bhás Bhríde 1,500 bliain ó shin ar Lá Fhéile Bríde féin, an 1 Feabhra. Beidh triúr bancheoltóirí den scoth ar ardán – Caitlín Nic Gabhann, Inni-K, agus Megan Nic Ruairí (thuas) – agus beidh Cleamairí Ard Mhacha ag dul chun stáitse fosta le meascán den cheol, scéalaíocht, filíocht, agus drámaíocht a chuirfidh draíocht ar an lucht féachana.
Is féidir iomlán an chláir a fheiceáil agus ticéid a cheannach anseo.
Tá sraith imeachtaí beartaithe ar fud na tíre faoin téama ‘Bríd 1500’ i mbliana – go háirithe sna háiteanna is mó atá luaite léi, mar atá Lú agus Cill Dara – mar sin coinnígí súil amach lena n-aghaidh!