COMÓRTAS: Cluedo as Gaeilge le buachan!

Tá an-áthas ar NÓS go bhfuil cóip den leagan nua Gaeilge den chluiche cáiliúil cláir Cluedo tugtha ag Glór na nGael dúinn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí. Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo níos túisce an tseachtain seo, beidh Cluedo as Gaeilge ar fáil faoi dheireadh na míosa ó Ghlór na nGael agus sna siopaí ag tús mhí na Nollag.

Is féidir cur isteach ar an gcomórtas ar na meáin shóisialta ach cluiche beag Cluedo a imirt le cara leat ann! Ainmnigh cara leat ina dhúnmharfóir, agus luaigh uirlis agus láthair an dúnmharaithe leis! Mar shampla:

“@tuairiscnuacht a bhí ann, nuachtán fillte a d’úsáid siad, ar Ché Bhearna!”

Ar TwitterDéan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an ngiolc seo agus cuir do líomhain sa bhosca tráchta. Ná déan dearmad @GlornanGael a leanúint!

Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo agus cuir do líomhain sna tráchtanna. Ná déan dearmad @GlornanGael a leanúint!

Ar Facebook: Tabhair croí don phostáil seo agus cuir do líomhain sna tráchtanna. Ná déan dearmad Glór na nGael a leanúint!

COMÓRTAS: Cluedo as Gaeilge le buachan! Sonraí an chomórtais san alt seo!

Posted by NÓS on Déardaoin 12 Samhain 2020

Fógrófar an buaiteoir an tseachtain seo chugainn agus seolfar an duais nuair a bheidh sé ar fáil ó Ghlór na nGael!

SCÉALTA EILE