Tá ‘Comórtas Daoine Sneachta’ fógartha ag an eagraíocht Glór na nGael agus an tír faoi bhrat bán an tseachtain seo. Bhí díomá ar Ghaeil ar fud na hÉireann nuair a fógraíodh gur ghá cuid de na himeachtaí a bhí beartaithe do Sheachtain na Gaeilge curtha ar athló mar gheall ar an Sneachta Mór, an mhórfhéile shráide ‘BEO’ ina measc, ach ar a laghad ar bith beidh spraoi sa sneachta acu mar sin féin.
D’fhógair Glór na nGael inniu go mbronnfar beart cluichí ó shiopa na heagraíochta údar.ie, ar an “teaghlach a chuireann an grianghraf is fearr” d’fhear, de bhean nó d’ainmhí sneachta chucu i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Tá an eagraíocht, a chuireann imeachtaí siamsaíochta agus sóisialta ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge chomh maith le leabhair agus cluichí, ag iarraidh ar na healaíontóirí sneachta a bheith “cruthaitheach” agus iad ag dearadh agus ag gléasadh na ndaoine sneachta.
Go deimhin, tá roinnt samplaí den dealbhóireacht Ghaelach sneachta feicthe againn cheana féin ar na meáin shóisialta, agus ‘Peig’ shneachta déanta ag muintir Ráth Chairn agus fear sneachta lena ‘dhorn san aer do na Gaeil’ agus é ag caitheamh t-léine Rónán Beo @ 3 déanta ag an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin i nGaoth Dobhair.
Peig an tSneachta = Snow Peig! Le Hannah Rua, Áaine Ní Chróinín, Éanna Ó Cróinín, Deirdre Ní Dhonnchadha, agus Josie! #Peig #MemesnaGaeilge #Gaeilge pic.twitter.com/je9zRlUtBs
— Memes na Gaeilge (@memesnag) 1 Márta 2018
Rónán Reo i nGaoth Dobhair !@RTERnaG @ronanbeo @Cormacag5 #sneachta #dornsanaer pic.twitter.com/0sDtzLhkTZ
— Áine Ní Bhreisleáin (@AineEibhlin) 1 Márta 2018
Fógrófar buaiteoirí an chomórtais Dé Luain nuair a bheidh deireadh leis an síobadh sneachta in Éirinn. Idir an dá linn, tá sladmhargadh fógartha ag údar.ie freisin agus lascaine suas le 40% ar go leor de na cluichí agus leabhair atá ar díol.
Ba bhreá le NÓS bhur n-iarrachtaí a fheiceáil freisin agus beidh gailearaí ar an suíomh de na dealbha sneachta is fearr ag an deireadh seachtaine seo!