Tá áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil dhá thicéad againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí don fhéile Liú Lúnasa, a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo. Níl le déanamh agat ach croí a thabhairt don phostáil seo ar Facebook, an giolc seo a athghiolcadh, nó croí a thabhairt don phictiúr seo ar Instagram le bheith istigh sa gcomórtas.
Beidh an grúpa ceoil Feirsteach KNEECAP ag seinm sa Blackbox mar chuid den fhéile, chomh maith le Emma Ní Fhíoruisce, as Gaoth Dobhair, Lauren Ní Chasaide, as Baile Átha Cliath, agus Síomha, a bheidh ag seinm ag Electric Picnic ag tús na míosa seo chugainn.
“Tá muid ag súil go mór le seó spleodrach Kneecap a thabhairt go lár na cathrach i mBéal Feirste agus fosta talann eile hip hop a chur ar an ardán céanna le Oisín Mac, Ar An Tabla agus Vigilanti,” a dúirt eagraithe na féile le NÓS.
Anuas ar an gceol, tá clár leathan leagtha amach ag lucht eagraithe na féile agus imeachtaí ar siúl do dhaoine de chuile aois ar feadh na gcúig lá a bheidh Liú Lúnasa ar siúl in iarthar Bhéal Feirste.
Beidh Sinéad Ní Uallacháin na hirise seo ina bean tí ag comórtas Slam Filíochta a bheidh ar siúl sa gCultúrlann Dé hAoine, 24 Lúnasa, agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí air. Tá líon teoranta spásanna ann sa gcomórtas seo agus ní mór d’fhilí a bhfuil dán nuachumtha de ghlanmheabhair acu clárú leis an gcomórtas roimh ré. Tá £500 agus ticéad do Electric Picnic le buachan mar phríomhdhuais ann.
Beidh dhá phlé painéil ann mar chuid den fhéile freisin, ceann a dhíreoidh ar ‘Phobail Laistigh de Phobal’, ag a mbeidh gníomhaithe Gaelacha ó mhionphobail éagsúla taobh istigh de phobal na Gaeilge. Beidh Cúnla Morris, leispiach neamhdhénártha as BÁC, Ola Majekodunmi, láithreoir ó Raidió na Life a thuill moladh le deireanas dá físeán What does ‘Irishness’ look like?, agus Seán Ó Ceallaigh, gníomhaí aiteach as Béal Feirste ar an bpainéal sin.
Tráthnóna Dé Sathairn, siad Grian Ní Dhaimhín, Réaltán Ní Leannáin agus Lisa Nic an Bhreithimh a bheidh ar an bpainéal agus ‘An chéad chéim eile don fheimineachas in Éirinn’ á phlé acu. Díreoidh caint na mban ar a bhfuil bainte amach go dtí seo ag mná na hÉireann agus na rudaí atá fós le baint amach, sa Tuaisceart agus ó dheas.
Tá clár iomlán na féile, ar a bhfuil imeachtaí do theaghlaigh, seoltaí leabhar, tuilleadh ceoil agus imeachtaí eile nach iad ar fáil ar shuíomh Liú Lúnasa chomh maith lena leathanaigh ar na meáin shóisialta.