COMÓRTAS: Féile na Gealaí

Níl ach breis agus trí seachtaine fágtha go dtí an t-aon fhéile shamhraidh champála Ghaeilge ar chlár na cruinne, agus tá muidne ag NÓS ag tairscint dhá thicéad deireadh seachtaine do léitheoir ádhúil amháin!

Cuireadh tús le Féile na Gealaí anuraidh agus beidh na Gaeil ag cruinniú le chéile i Ráth Chairn arís ón Aoine 16 go Domhnach 18 Meitheamh.

‘Campáil agus Féile faoi Dhraíocht na Spéire’ an cur síos ar an deireadh seachtaine agus le leithéidí IMLÉ, Boss Sound Manifesto, Dysania, Griogair Labhruidh, Emma Ní Fhíoruisce, Craos, JJ Ó Dochartaigh, Lauren Ní Chasaide agus neart ceoltóirí iontacha eile ar an chlár, is cinnte go mbeidh trí lá den scoth ann i nGaeltacht Ghlas na Mí.

Mar aon leis an cheol beidh seisiúin le Reic, Óga Yoga, Gaelgháirí agus ceardlann Ghaeilge na hAlban ar siúl chomh maith.


Chun deis bheith agat do lámha a chur ar 2 thicéad campála don deireadh seachtaine, níl le déanamh agat ach an líne seo a chríochnú ar Facebook nó ar Twitter NÓS:

“Ba mhaith liom dul go Féile na Gealaí mar…”

31 Bealtaine an sprioc agus fógrófar buaiteoir amháin an lá ina dhiaidh… ádh mór oraibh!


Tá tuilleadh eolais faoi Fhéile na Gealaí le fáil anseo.

SCÉALTA EILE