Comórtas grianghrafadóireachta le Féile na Gealaí
Ticéid d'fhéile 2019 le buachan

Tá áthas ar NÓS comórtas grianghrafadóireachta a fhógairt i gcomhar leis an bhféile cheoil Ghaeltachta Féile na Gealaí a bheidh ar siúl i Ráth Chairn ghlas na Mí an deireadh seachtaine seo. Beidh deis ag lucht freastail na féile dhá thicéad campála d’fhéile na bliana seo chugainn (2019) a bhuachan ach an grianghraf is fearr a ghlacfaidh siad ag féile na bliana seo (2018) a chur faoi bhráid ár moltóirí. 

Anuas ar an duais iontach dhá thicéad campála d’Fhéile na Gealaí 2019 a fháil, gheobhaidh buaiteoir an chomórtais puball ar luach €100 le tabhairt leis chuig Ráth Chairn an bhliain seo chugainn.

Le bheith istigh ar an gcomórtas seo níl le déanamh ach grianghraf a ghlacadh ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo agus é a sheoladh chuig pic@feilenagealai.ie roimh 20 Meitheamh, an Chéadaoin i ndiaidh na féile. Glacfar le hiarratais ar na meáin shóisialta freisin, faoin haischlib #FnaG18.

Roghnóidh painéal moltóirí na deich ngrianghraif is fearr agus cuirfear na pictiúir sin faoi bhráid léitheoirí NÓS áit a mbeidh vóta poiblí ar siúl.