COMÓRTAS: Léarscáil Ghaeilge d’Éirinn, i stíl JRR Tolkien, le buachan

Tá áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil cúpla cóip den léarscáil Ghaeilge d’Éirinn a dhear Isaac Dushku againn le bronnadh ar ár léitheoirí dílse. Tarraingíonn Isaac léarscáileanna áille de láimh i stíl cháiliúil JRR Tolkien agus rinne sé léarscáil Bhéarla den tír seo an mhí seo caite. 

Nuair a chuala Isaac faoin nGaeilge, teanga nárbh eol dó a bheith ann sular tharraing sé an léarscáil Bhéarla, chrom sé ar an obair arís agus dhear léarscáil Ghaeilge i stíl Tolkien. Is féidir an t-agallamh a rinne NÓS le Isaac, nó Lord of Maps mar is fearr aithne air ar líne, a léamh anseo.

Idir an dá linn, tá os cionn 100 cóip den léarscáil Ghaeilge díolta ag Isaac agus orduithe fós ag teacht isteach.

Más maith leat féin cóip den léarscáil Ghaeilge a bhuachan, níl le déanamh ach cur isteach ar ár gcomórtas. Tá an comórtas oscailte dár leantóirí Facebook, Twitter, agus Instagram. 

Ar Twitter: déan ‘athghiolc le trácht’ (quote-tweet) ar an ngiolc seo, abair linn cén carachtar as saothar JRR Tolkien is fearr leat, agus cuir clib ar chara leat ann.

Ar Instagram: tabhair croí don phictiúr seo, abair linn cén carachtar as saothar JRR Tolkien is fearr leat sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann. Bí cinnte @lord_ofmaps a leanacht freisin!

https://www.instagram.com/p/CFet99mHHDH/


Ar Facebook: tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn cén carachtar as saothar JRR Tolkien is fearr leat sna tráchtanna, agus cuir clib ar chara leat ann.

Tá áthas ar NÓS a fhógairt go bhfuil cúpla cóip den léarscáil Ghaeilge d’Éirinn a dhear Isaac Dushku againn le bronnadh ar ár léitheoirí dílse. Sonraí an chomórtais san alt!

Posted by NÓS on Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair 2020

Fógrófar an buaiteoir an tseachtain seo chugainn. 

Murar mhaith leat dul sa seans sa chomórtas, is féidir leat an léarscáil a cheannach ó Lord of Maps anseo

SCÉALTA EILE