Tá comórtas nua gearrdhrámaíochta á reáchtáil ag an gcomhlacht amharclannaíochta Gaeltacht, Fíbín, i gcomhpháirt le Raidió na Gaeltachta agus an Taibhdhearc, in ómós an drámadóra Gaeltachta Joe Steve Uí Neachtain a d’éag ag tús na bliana.
Táthar ag lorg gearrdhrámaí Gaeilge atá bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúla na hÉireann don chomórtas. Is gá, áfach, go scríobhfaí na gearrdhrámaí “i stíl chomhaimseartha”. Dráma do bheirt nó triúr carachtar ar a mhéid atá i gceist, nach bhfuil níos faide ná deich nóiméad ar fad.
Tá €500 le gnóthachtáil ag an té a thiocfaidh sa gcéad áit sa gcomórtas agus beidh dhá dhuais thánaisteacha, ar luach €200, do bheirt ghearrdhrámadóirí eile. Is iad Fíbín féin a léireoidh na trí dhráma sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe. Déanfar taifead ar na drámaí agus craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta iad.
Tá go dtí Dé hAoine an 22 Bealtaine ag drámadóirí achoimre 500 a chur faoi bhráid na moltóirí. Iarrfar ar na drámadóirí a bhuafaidh an comórtas script iomlán a scríobh ina dhiaidh sin.
Ba iomaí dráma a scríobh Joe Steve Ó Neachtain i gcaitheamh a shaoil, agus tá an-rath ar an dráma cáiliúil raidió Baile an Droichid a scríobh sé, atá á athchraoladh ar Raidió na Gaeltachta le cúpla seachtain anuas. ‘Gradam Joe Steve’ atáthar ag tabhairt ar an gcomórtas nua seo.
“Tá an scéal agus an teanga ag croílár gach dráma a chruthaíonn agus a léiríonn Fíbín. In onóir duine de dhrámadóirí Gaeilge ár linne, Joe Steve Uí Neachtain, tá súil ag Fí˘ín glúin nua scríbhneoirí a bhfuil rud eicínt le rá acu faoin domhan ina bhfuil cónaí orainn sa lá inniu a aimsiú, agus leas á bhaint acu as foirm ealaíne atá thar a bheith samhlaíoch — an dráma raidió,” a dúirt Philip Doherty, Stiúrthóir Ealaíne Fíbín.