Comórtas Peile na Gaeltachta, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall 31 Bealtaine – 03 Meitheamh
Tá sé i gceist agam lá breá éigin, freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Ócáid bhreá chun muintir na Gaeltachta ar fad a tharraingt le chéile, bliain i ndiaidh bliana. Ní caid amháin a bhíonn ar bun ag an deireadh seachtaine, ach ceol, céilithe, comhluadar agus comórtais – comórtas an Chailín Gaelaigh agus Tráth na gCeist, i measc eile. Is ó thuaidh sna Dúnaibh i gCo. Dhún na nGall a bheidh féile na bliana seo ar siúl, agus breis is scór foirne páirteach ann, ó chumainn atá scaipthe timpeall na tíre ar fad. Beidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair, le tráchtaireacht bheo agus anailís ar na cluichí; chomh maith le hagallaimh le bainisteoirí, baill foirne, agus lucht tacaíochta. Beidh siad i láthair go dtí an Luan, nuair a imreofar na cluichí ceannais. Pé áit a mbeidh sibh ag an deireadh seachtaine — bígí i lár na aicsin, ag éisteacht leis an raidió.
Pop Up Gaeltacht, Cloch Shiúrdáin, Tiobraid Árann, Dé Sathairn 1 Meitheamh @ 11.00
De ghnáth is istoíche a bhíonn an Pop Up Gaeltacht ar bun, ach bíonn eisceachtaí ar gach riail. Cuirim i gcás a macasamhail d’ócáid a eagraítear do dhaoine óga ar bhonn rialta. Nó an Pop-Up a bheidh ar siúl i gCloch Shiúrdáin an deireadh seachtaine seo, i rith an lae. Is i siopa leabhar Sheelagh na Gig ar an bpríomhshráid a bheidh sé ar bun, ar feadh cúpla uair a chloig, óna 11 ar maidin. Tá an siopa díreach trasna ón margadh áitiúil a bhíonn ar siúl sa bhaile, go seachtainiúil.
Fíochán Filí, Sólás na Mara, Heilbhic, Port Láirge, Dé hAoine 1 Meitheamh @ 19:00
Leanfaidh an tsraith ‘Fíochán Filí’ ó Lab an Daingin ar aghaidh an deireadh seachtaine seo. Tá an tsraith seo imeachtaí ar an bhfód le tamall anuas anois, ócáidí a thugann filí agus ceoltóirí araon le chéile. Cuirtear béim faoi leith ar fhilí agus ar fhilíocht chomhaimseartha i mbliana, an dara bliain don tsraith a bheith ar an mbóthar. Buailfidh na hoirfidigh bóthar go deimhin, go dtabharfaidh siad faoi bhailte i nGaeltacht agus i nGalltacht na Mumhan i rith na bliana.
Is ar an Aoine a bheidh Marcus Mac Conghail agus Áine Uí Fhoghlú ag cur siamsaíochta ar fáil don lucht freastail, i Heilbhic i bPort Láirge. Sólás na Mara, áit a mbíonn folcadáin fheamainne ar fáil, an t-ionad atá roghnaithe!
Labhair Marcus faoin ócáid ar An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta le déanaí agus is féidir éisteacht siar leis an agallamh ach an nasc seo a ghliogáil.
Siúlóid staire le Gaelphobal Thamhlachta, ag bualadh le chéile ag Ionad Gaeilge an ghrúpa, 518 Sráidbhaile Thamhlachta, Dé Domhnaigh 3 Meitheamh @ 11:30
Is deas imeacht amach ag siúl ag an deireadh seachtaine. Beidh deis agat a leithéid a dhéanamh agus roinnt foghlama chomh maith, Dé Domhnaigh, mar go mbeidh Gaelphobal Thamhlachta ag bailiú le chéile do shiúlóid. Is siúlóid staire atá i gceist i gceantar Thamhlachta féin, faoi stiúir Thomáis Uí Mheachair. Is ag Ionad Gaeilge nua an ghrúpa a thiocfaidh gach éinne le chéile, agus tá fáilte mhór roimh chách.
Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, timpeall na tíre, as seo go tús mhí Iúil! 31 Bealtaine – Dolans!
Tá beirt des na ceoltóirí is ansa liom ag dul ar camchuairt i dteannta a chéile, sin iad Steve Cooney agus Iarla Ó Lionáird! Tá siad ag tabhairt faoi shraith cheolchoirmeacha timpeall na tíre. Beidh siad i Luimneach agus Corcaigh sna laethanta romhainn…. b’fhiú go mór iarracht a dhéanamh iad a fheiscint, táim féin faoi láthair ar thóir thicéad, ach ionad a roghnú!
31 Bealtaine – Dolan’s, Luimneach;
03 Meitheamh – Cork Opera House;
08 Meitheamh – Amharclann an Pavilion, Dún Laoghaire;
09 Meitheamh – Festival of Writing and Ideas, Ceatharlach;
15 Meitheamh – Pillar House, Béal Átha na Slua;
17 Meitheamh – Doolin Folk Festival, Co. an Chláir;
23 Meitheamh – An Gleann Garbh, Co. Chorcaí;
01 Iúil – Spirit Store, Dún Dealgan.