Comórtas #SeoÍAnGhaeltacht
Tá comórtas á eagrú ag na hOifigigh Pleanála Teanga ar líne. Tá málaí féiríní le buachan agus duais €1,000 ann don iontráil is fearr. Ní gá ach pictiúr nó físeán de do cheantar Gaeltachta a uaslódáil faoin haischlib #SeoÍAnGhaeltacht, clib a chur ar an Oifigeach Pleanála, nó é a sheoladh ar ríomhphost chucu.
Spriocdáta iontrála, Dé Céadaoin 16 Meitheamh.
Seoladh ‘Tairseach’
Satharn 12 Meitheamh @11:00
Tá cnuasach nua filíochta scríofa ag Dairena Ní Chinnéide, Tairseach, agus beidh sé á sheoladh Dé Sathairn. Beidh an file i láthair agus í ag comhrá faoina saothar agus tuilleadh leis an Ollamh Máirín Nic Eoin.
Cláraigh don imeacht, agus ceannaigh an leabhar ar Eventbrite
Coirnéal an Cheoil
Satharn 12 Meitheamh @13:00
Tá an ceol ar fad ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich dúinn amárach. Beidh an tsraith ‘Coirnéal an Cheoil’ ann amárach agus Treasa Ní Bhanna agus Susan Hughes ag seinm. Ní gá ag logáil isteach, agus do scíth an ligean.
Craolfar an imeacht ar Facebook
Comhdháil an Chumainn Éire san Ochtú Céad Déag Céadaoin 16 Meitheamh @10:00
Beidh Comhdháil bhliantiúil an Chumainn Éire San Ochtú Céad Déag ag tarlú ar líne i mbliana. Beidh réimse cainteanna agus plé ann ar feadh trí lá, scoláirí as gach cearn den tír i láthair agus le neart le foghlaim.
Tuilleadh eolais ar fáil ag christina.morin@ul.ie
Dianchúrsaí Gaeilge 2021
Sprioc iarratais Déardaoin 17 Meitheamh
Tá cúrsaí nua á dtosnú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh go luath. Is dianchúrsaí seachtaine ar líne atá ar fáil a mhaireann seachtain amháin, agus beidh dhá bhabhta cúrsaí ann, ceann i mí Iúil agus ceann i mí Lúnasa. Is ag leibhéil B2 agus C1 a bheidh na cúrsaí.
Is féidir iarratas a chur isteach ar líne.