Comórtas Slam Filíochta Liú Lúnasa agus imeachtaí eile

Beo sa Bhoirinn

Aoine 30 Iúil @15:00

Bí ann do dhíseart trí lá chun athbheochan a dhéanamh ar do chuid Gaeilge le íoga, machnamh, iománaíocht, áith allais, sealgaireacht de bia fiáin, filíocht, bia órgánach is a thuile. Seo athbheochan don corp, meon is anam leis.

Tuilleadh eolais anseo.

Coirnéal an Cheoil

Satharn 31 Iúil @13:00

Filleann an Cultúrlann orainn le tuilleadh ceoil ag am lóin Dé Satharn. An tseachtain seo, beidh deirfiúir Uí Churraoin, Étáin agus Máire, ag canadh dúinn beo óna 1. Bí ann don seisiún ceoil is déanaí sa sraith iomráiteach seo.

Craolfar an imeacht ar Facebook.

Ceardlann Amhránaíochta

Déardaoin 5 Lúnasa @18:00

Beidh An Cultúrlann ag reáchtáil ceardlann ghalánta amhránaíochta mar chuid d’Fhéile an Phobail. Ceolfar amhráin Ghaeilge (ar an sean-nós) arna gcóiriú ag Doimnic Mac Giolla Bhríde, an ceoltóir iomráiteach a bhfuil Corn Uí Riada bainte aige.

Cláraigh ar líne saor in aisce anseo.

Slam Filíochta

Ar oscailt go dtí 13 Lúnasa

Tá Féile Liú Lúnasa ar na bacáin arís i mbliana, agus neart siamsaíochta le teacht sna seachtainí atá romhainn. Tá comórtas Slam Filíochta ar oscailt, le duaiseanna suas chuig £500 agus ticéad d’Fhéile na Gealaí 2022 le baint.

Táille iontrála £5, tuilleadh eolais anseo.

SCÉALTA EILE