COMÓRTAS: Ticéid do Swell Festival le buachan

Tá deis ag léitheoirí NÓS dhá thicéad don fhéile Ghaeltachta Swell, féile Ghaeltachta a bhíonn ar siúl in Árainn Mhór i nGaeltacht Thír Chonaill. Beidh chuile léitheoir a dhéanann athghiolc ar an alt seo, a roinneann ar Facebook é, nó a thugann croí don phictiúr seo ar Instagram, istigh ar an gcomórtas. 

Beidh KNEECAP ar Stáitse na nGael ag an bhféile cheoil Swell 2018 a bheidh ar siúl in Árainn Mhór i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo, in éineacht le togha na gceoltóirí eile Gaelacha. 

I measc na gceoltóirí eile a bheidh i láthair ag an bhféile cheoil agus ealaíne, beidh na Conallaigh Moya Brennan agus Clann Mhic Ruairí, Inni-K, agus Ye Vagabonds. Seo an tríú bliain den ardán Gaeilge a bheith ann ag an bhféile oileánda agus súil ag lucht a heagraithe na Gaeil a mhealladh ó thuaidh don deireadh seachtaine. 

Is é Dónall Mac Ruairí, láithreoir aitheanta Conallach ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bheidh ina fhear an tí arís i mbliana. 

Tá go leor ceoltóirí a bhí ar Ardán na nGael ag féile Swell cheana le filleadh an deireadh seachtaine seo, leithéidí Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh, ach chomh maith leo sin cuirfidh Dónall fáilte roimh cheoltóirí nua nach raibh ag an bhféile riamh cheana. Anoir ón Eilean Sgitheanach in Albain a thiocfaidh Anne Martin, agus beidh sí ar an ardán in éineacht le hEoghan Mac Giolla Bhríde, Niall Haicéad agus Micheál Danny Minnie Ó Domhnaill. 

Tá ticéid ar fail go fóill do Swell, idir thicéid champála agus ticéid lae, agus iad ar phraghsanna éagsúla. Féadtar ticéad campála trí lá a fháil ar €80, ticéad deireadh seachtaine a fháil ar €70, ticéad lae don Satharn nó don Domhnach a fháil ar €35, nó ticéad lae don Aoine a fháil ar €20. 

Ar ndóigh, beidh ardán eile ann seachas Ardán na nGael, agus ceoltóirí eile nach Gaeil iad i láthair ag an bhféile. Ina measc sin, beidh Ryan McMullan, Accidents in the Workplace, The California Feetwarmers agus The Wood Burning Savages. 

Tá an fhéile Swell á reáchtáil le cúig bliana anuas in Árainn Mhór. I mbliana, den chéad uair, beidh puball nua ag an bhféile, an Swellbeing Tent, áit a mbeidh ranganna ióga, midheamhna, damhsa, ealaíne, agus an t-uafás imeachtaí eile. 

Caithfear a chuimhneamh, freisin, gur in oileán atá an fhéile seo á reáchtáil agus gur gá ticéad don bhád farantóireachta a cheannacht anuas ar an ticéad don fhéile féin. Tá bus eagraithe ag lucht na féile a thabharfaidh lucht a freastail ón gcéibh in Árainn Mhór chuig láthair na féile. 

SCÉALTA EILE