Conas a léireoidh óige na hÉireann gur ‘daoine fásta’ iad?

Ó thús ama, bhí gnásanna agus nósanna ag pobail éagsúla ar fud na cruinne a cheiliúrann an ‘teacht in aois’. Is cuimhin linne a rugadh sna 1990idí a bheith ag breathnú ar My Super Sweet 16 ar TG4 tar éis na scoile, ach tá searmanais agus ócáidí i bhfad níos sine agus níos spéisiúla in áiteanna eile timpeall an domhain. 

Nuair a bhíonn 15 bliain slánaithe ag cailíní Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas, ceiliúrtar an Quinceanera, searmas a thosaíonn leis an Aifreann agus a chríochnaíonn le cóisir mhór; bíonn an Bar nó Bat Mitzvah ag na Giúdaigh; agus tá a ngnásanna féin agus treibheanna ar nós Apache agus Maasai i Meiriceá agus san Afraic. 

Anseo in Éirinn, bhain formhór na ngnásanna ‘teacht in aois’ seo leis an Eaglais Chaitliceach san am a caitheadh. Tá seacht sacraimint ag an eaglais sin agus bronntar sé cinn acu ar gach ball den eaglais i gcaitheamh an tsaoil (ní féidir le sagart sacraimint an phósta a fháil, agus ní féidir le fear pósta ná le bean dul leis an tsagartóireacht), agus ba de réir na slat sin a mheastaí an ‘dul chun cinn’ sa saol — an baisteadh, an fhaoistin, an chéad chomaoineach, an cóineartú, an pósadh, agus an t-ola dheireanach. 

Ach tá cumhacht na hEaglaise in Éirinn ag meath. Bíonn na séipéil folamh gach Domhnach anois, agus de réir a chéile tá níos mó daoine óga ag roghnú searmanas sibhialta nó daonnachach agus iad ag pósadh nó, go deimhin, ag socrú sochraidí. Sna blianta amach romhainn, ní bheidh an smacht céanna ag an Eaglais ar na scoileanna, agus ní bheidh an gnáthdhalta ag dul faoi lámh an tsagairt agus ní bheidh ar chailíní agus buachaillí seacht mbliana d’aois a “bpeacaí” a inseacht do shagart.

Cé gur maith an rud nach mbrúfar an Caitliceachas ar an duine óg níos mó, fágfar folús i saol na nÉireannach óg seo agus iad ag iarraidh a léiriú don domhan mór gur ‘daoine fásta’ iad. Fiú nuair a bhí mise 21, seacht mbliana ó shin, ba nós a bhain le dream a bhí níos sine an 21st. Ní fhaca mé tábhacht an lae (bhí an vóta agus cead óil agam le trí bliana!) agus d’aontaigh mé cóisir a bheith agam ar mhaithe le mo thuismitheoirí agus gaolta níos sine thar rud ar bith eile. 

Feictear dom nach bhfuil an Eighteenth féin chomh tábhachtach céanna níos mó, agus bhí deacrachtaí i gcónaí ann leis an gceann sin — an t-aighneas idir na daoine a raibh cead isteach acu i gclubanna oíche agus babaithe an ranga. 

Le tamall de bhlianta anuas sa tSín, tá athbheochan á déanamh ar an 冠礼 (Guan Li) agus an 笄礼 (Ji Li), searmanais ársa ‘teacht in aois’ do bhuachaillí agus cailíní faoi seach. Ar an drochuair, tá blas an chiníochais ar go leor de na searmanais seo ó tharla gur lucht 汉服运动 (Hanfu) atá á bhrú chun cinn i go leor áiteanna, dream a mhaítear iad a bheith forchiníoch agus in aghaidh na hinimirce. 

Ní gá dúinne na Gaeil an ghné sin d’fheachtas athbheochana ar ár gcultúr a tharraingt chugainn féin áfach. Is gluaiseacht thar a bheith oscailte í gluaiseacht na Gaeilge agus níl dream ar bith is fearr in Éirinn le nós éigin Gaelach a chur chun cinn arís le teacht in áit gheaitsíocht na hEaglaise Caitlicí. 

Ceal taighde agus eolais níl moladh ar bith agam féin faoi láthair do shearmanas teacht in aois ‘seanaimseartha nua’ seachas an dúshlán a tugadh do na Fianna rith trí choill gan craoibhín a bhriseadh faoina gcos! 

Ba bhreá liom bhur moltaí a chloisteáil.