Scríobh mé alt don iris seo tamallt beag siar inar phléigh mé eachtra a bhain le Fionn mac Cumhaill agus an dóigh a bhfuair sé an bua ar fhathach ó thír eile trí é a chur ina luí don fhathach sin gur leanbh óg é. Ba pháiste ceart é Fionn uair den tsaol, ámh, agus tá go leor scéalta ann a bhaineann leis an tréimhse sin. ‘Macghníomhartha Fhinn’ a chuirtear ar an chnuasach seo de scéalta. Tá ciall eile ag ‘mac’, dar ndóigh – rud cosúil le ‘buachaill’ – agus sin an rud atá ann anseo.
Tá éagsúlacht de scéalta ann ina bhfuil éacht inteacht a rinne Fionn nó eachtra a bhain dó agus é óg ann agus pléifear cuid acu thíos. Tá 253 scéal le léamh ar Bhunachar Bhéaloideas na Féinne agus, mar a mhol san alt dheireanach liom anseo, is fiú go mór do thaighde féin a dhéanamh. Seo thíos trí rud shuimiúla — dar liom.
Cumhall
Agus ‘Fionn mac Cumhaill’ mar ainm ar an laoch, is beag iontais gurbh é Cumhall an t-ainm a bhí ar athair Fhinn. Bhí Cumhall ina rí ar na Fianna go bhfuair sé bás ag Cath Cnucha, cath inar mharaigh Goll mac Morna é. Bhí Fionn gan bhreith nuair a maraíodh a athair agus tá cuid mhaith scéalta ann faoin bhuachaill óg a bheith tógtha sa choill nó ar shliabh ina dhiaidh. Tá cúntas ó Ghaillimh a luann gur tharla seo ar Shliabh Bliadhma; glactar leis sin go forleathan ach tá sé suimiúil gur bailíodh leagan eile den scéal sa cheantar chéanna, ag an am chéanna, agus é le léamh cúpla leathanach roimh an cheann díreach luaite.
“He was reared in a little hunting lodge on sliabh Bloom,” a deir leagan Béarla ó Shligeach. Ní dóigh liom féin go raibh sé chomh deas agus a shílfeá ón tuairisc sin!
Rinneadh rí na Féinne de Gholl ina dhiaidh sin ach bhain Fionn taoiseacht na Féinne amach i ndiaidh imeachtaí an scéil ‘Loscadh na Teamhrach’ (scéal a phléigh mé in alt eile).
Páiste Contúirteach
Is léir go raibh an-neart ag Fionn agus é óg. Tá sé luaite, agus é deich mbliana d’aois sa chuntas seo, go bhfaca sé géanna ar loch lá amháin, gur chaith sé cloch agus gur mharaigh sé cuid daofa, ceann amháin nó cuid shuntasach ag brath ar an leagan den scéal. Tá scéal eile ina maraíonn sé cat crainn agus é ina leanbh nuair a fhaisceann sé é lena dhá láimh.
Ní ainmhithe amháin a ghortaigh an buachaill óg, faraor, nó tá sé ráite i scéalta áirithe gur mharaigh sé an bhean a thóg é (a sheanmháthair go minic) trí thimpiste nuair a chuir sé ar a dhroim í agus nuair a rith sé fríd an choill léi. A ghaiste a rith sé, stróiceadh í ar chraobhacha agus ní raibh fágtha di ach na cosa nuair a stop sé.
An Bradán Feasa
Deimhne an t-ainm a bhí ar Fhionn nuair a rugadh é agus úsáidtear an scéal seo faoi bhradán an eolais chun an t-ainm Fionn a mhíniú. Aithnítear an scéal seo go forleathan. Bhí Fionn óg faoi oiliúint ag an fhile Fionn Éigeas, nuair a rug an file ar an bhradán feasa. D’iarr sé ar Dheimhne an t-iasc a chócaráil dó ach gan é a bhlaiseadh nó bheadh ‘fios feasa’ (uilethuiscint de shaghas) ag an chéad duine a itheann an t-iasc. Dónn Fionn a ordóg ar an iasc agus, gan smaointiú, cuireann ina bhéal í chun an phian a cheansú. Is ionann seo agus an t-iasc a bhlaiseadh, cé gur de thaisme é. Agus ón lá sin amach, bhí Fionn in ann eolas a fháil ach a ordóg a chur ina bhéal. Bhí tairngreacht ann go n-íosfadh duine den ainm ‘Fionn’ an bradán agus bhaist Fionn Éigeas, ‘Fionn’ de Dheimhne air ina dhiaidh seo.
Tá leagan suimiúil Béarla as Contae an Chláir ina bhfuil ‘Diana’ curtha ar Fhionn/Dheimhne agus ‘Fingas’ ar Fhionn Éigeas. Is cosúil gur ‘Béarlú’ ar na hainmneacha Gaeilge é seo ag daoine nach raibh Gaeilge líofa acu.
Tá suim nach beag ag Dubhán Ó Longáin san Fhiannaíocht agus i ngnéithe uile an bhéaloidis. Is féidir cuntais eile ar an bhéaloideas le Dubhán a léamh thíos.