Corn Uí Chon Cheanainn agus ceithre imeacht eile

Cé go mbeidh cuid mhaith de na Gaeil ag freastal ar ‘BEO Bródúil agus Gaelach’ ag an deireadh seachtaine, bí ar an eolas go bhfuil ócáidí go leor eile ar bun sna laethanta romhainn, agus seo blaiseadh beag díobh sin…….

Pop Up Gaeltacht, Canton Casey’s, An Muileann gCearr; Dé hAoine 13 Aibreán @ 20:00;

Pop Up Gaeltacht, Jet O’ Carroll’s, Lios Tuathail; Dé hAoine 13 Aibreán @ 20:00.

Beidh Gaeil na tíre ag teacht le chéile do Pop Up Gaeltacht arís an deireadh seachtaine seo. Na contaetha atá ag díriú ar an nós nua-bhunaithe seo ná an Iarmhí agus Ciarraí!

Is sa Mhuileann gCearr a bheidh ócáid den tsóirt ar siúl don gcéad uair riamh i dtábhairne Canton Casey’s. Anocht a bheidh lucht labhartha na teanga ag bailiú le chéile, le comhráití neamhfhoirmiúla a bheidh acu i nGaeilge. Amhlaidh a bheidh i Lios Tuathail tráthnóna chomh maith, i dtábhairne Jet O’Carroll’s. Seo an deichiú babhta do lucht a eagraithe a leithéid a reáchtáil agus tigh nua eile tábhairne pioctha acu d’ócáid mhí Aibreáin. Bí ann agus bí leo, beo, óna 8 a chlog!

Tionól sna Déise, ionaid éagsúla i bPort Láirge (An Rinn agus sa tSeanphobal), 13-15 Aibreán 

‘Saothrú an Bhéaloidis ó aimsir na hAthbheochana i leith’ atá mar ábhar do Thionól sna Déise sna laethanta romhainn. Anocht a chuirfear tús leis na himeachtaí leis an seoladh agus léacht ó Nuala Ní Dhomhnaill, faoin mbéaloideas ina cuid filíochta féin. Tabharfaidh an Dr. Ciarán Ó Gealbháin agus Seán Mac Labhraí cainteanna amárach, ar Shaothrú an Bhéaloidis i gceantar na Rinne agus an tSean-Phobail san 1930í; agus ar Wilhelm Doegan agus a chuid taifeadtaí. Anuas ar sin, beidh seisiúin cheoil ar bun, seolfar an iris Feasta, agus eagrófar turas bus chuig an Seanphobal chomh maith. Is féidir clárú d’oíche amháin, nó don deireadh seachtaine ina iomláine, ach cuairt a thabhairt ar anrinn.com 

Tá na hócáidí seo á n-eagrú ag Coláiste na Rinne agus Dáil na Mumhan Chonradh na Gaeilge.

Comórtas Uí Chon Cheanainn, Seomra Mhic Gearailt, Ionad na Mac Léinn, UCD, Baile Átha Cliath 4; Dé Sathairn 14 Aibreán @ 14:00

Tá comórtas mór amhránaíochta beartaithe do Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. Le trí bliana anuas tá Corn Uí Chon Cheanainn, i gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis agus scoláire, Ciarán Ó Con Cheanainn á bhronnadh ar mhic léinn tríú leibhéal. Ba é Eoghan Ó Ceannabháin a thug leis an corn an chéad bhliain don ócáid a bheith eagraithe i 2015; Doireann Ní Ghlacáin sa bhliain 2016 agus ba í Ann Marie Ní Fhátharta a roghnaíodh ina buaiteoir anuraidh. Cé a thabharfaidh leo an teideal i mbliana áfach? Neosfar sin i gColáiste na hOllscoile in Belfield tráthnóna Dé Sathairn, nuair a chanfaidh na hiomaitheoirí os comhair mholtóirí an chomórtais, ina measc Aodán Ó Ceallaigh agus Máire Ní Choilm. Is í Áine Ní Bhreisleáin, cara Chiaráin, a bheidh arís mar bhean an tí, ról atá glactha aici ó cuireadh tús leis an gcomórtas seo.

Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne, The White Horse, Baile an Chollaigh, Corcaigh; Dé Sathairn 14 Aibreán @ 20:45

Beidh glór aoibhinn an cheoltóra Muireann Nic Amhlaoibh le clos i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo. Ní léi féin a bheidh sí, ach in éineacht le beirt oilte eile, Dónal O’Connor agus Gerry O’ Beirne, a bhfuil aithne mhaith acu triúr ar a chéile. Shamhlóinn dá bharr gur ar a gcompord a bheidh siad oíche amárach i mBaile an Chollaigh, i dtábhairne The White Horse. Gan dabht beidh rianta, idir cheol agus amhráin óna halbam reatha, Foxglove and Fuschia le clos. 

Is é Conor O’ Sullivan a bheidh ina cheoltóir taca ag an seisiún. 

John Spillane, Town House Hotel, Nás na Ríogh; Dé Sathairn 14 Aibreán @ 20:45

Is ag trácht ar an gceoltóir John Spillane a bhíos ar an leathanach seo an tseachtain seo caite, agus seo liom arís an tseachtain seo! Is i gCill Dara a bheidh Speallaire Chorcaí an deireadh seachtaine seo, ag soláthar an cheoil sa Town House Hotel i Nás na Ríogh. Ní leis féin a bheidh sé, mar go mbeidh an ceoltóir Sive ag tabhairt tacaíochta do!

SCÉALTA EILE