Seó an Oireachtais, Fáiltiú an Gleneagle, Dé Sathairn 3 Samhain @ 10:30
Is iad Bláthnaid Ní Chofaigh agus Pádraig Ó Sé a bheidh ag stiúradh Seó an Oireachtais, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Sathairn. Mar is dual do chláracha RnaG i rith na féile seo, is san fháiltiú a bheidh an craoladh beo seo ar siúl, le hispíní ó Mhicilín Muc ann le tús maith a chur leis an maidin. Anuas ar an mbricfeasta blasta, beidh ceol breá le clos ó shárghrúpa Ráth Chairn agus comhráití leo siúd atá ag freastal ar an bhféile. Mar aon leis sin ar fad, bí ag súil le comórtais dóibh siúd a bheidh i láthair agus ag éisteacht sa bhaile. Ticéid chuig Blood Brothers agus Sleeping Beauty san INEC, lóistín ar an láthair chéanna, mar aon le t-léinte agus dlúthdhioscaí!
Corn Uí Riada, INEC, Dé Sathairn 3 Samhain @ 19:00
Buaicphointe na féile do scata ná an comórtas iomráiteach amhránaíochta, Corn Uí Riada. Cé hiad a nglaofar thar n-ais orthu chun amhrán meidhreach a chanadh agus cé hiad a rachaidh i bhfeidhm ar na moltóirí? Conas a éireoidh leis na hiomaitheoirí — an ngeobhaidh na néaróga an ceann is fearr orthu? An mbeidh fadhbanna acu lena nguth roimh ré? Beidh a fhios sin againn sara i bhfad, mar go mbeidh na hiomaitheoirí, 19 acu ina n-iomláine ar stáitse i gceann cúpla uair an chloig. Is gearr go mbeidh an buaiteoir faoi agallamh ag MTS beo ón ródaí ar Thogha agus Rogha, maidin Dé Domhnaigh, ag trácht ar an mbua! Ádh mór leis na hiomaitheoirí, foireann agus moltóirí — jabanna deacra acu ar fad.
Dearmad na Fola agus Caifé ar Ais, Drámaí in Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon, Dé Sathairn 3 Samhain @ 20:00
Baineadh creathadh as saol na drámaíochta agus na Gaeilge níos luaithe i mbliana, nuair a tháinig an scéala chugainn go raibh Aodh Ó Domhnaill, fear mór Oireachtais agus drámadóir aitheanta, imithe ar shlí na fírinne. Do bhí Aisteoirí Bulfin i mbun cleachtadh ar dhráma dá chuid nuair a cailleadh é. Ainneoin sin, leanadar ar aghaidh agus léiríodh an dráma le linn Sheachtain na Gaeilge, in Amharclann Smock Alley na hardchathrach.
Díríonn an dráma ar fhorbairt na teicneolaíochta ar ár sochaí agus an chumhacht agus smacht a d’fhéadadh a bheith ag comhlachtaí móra orainn mar dhaoine. Is é Cathal Póirtéir atá i mbun an léirithe agus siad na haisteoirí Áine Ní Ghlinn agus a mac Seán Mac Dhonnagáin, Mícheál Ó Gruagáin agus Aoileann Ní Chonchubhair agus dornán beag aisteoirí eile, ar a dtugtar Na Bréagadáin, teideal oibre an dráma dála an scéil, go dtí gur baisteadh Dearmad na Fola air. Beidh sé le feiscint tráthnóna sa Brehon, agus díreach ina dhiaidh léireoidh an compántas céanna drámaíochta an gearrdhráma Caifé ar Ais, ó pheann an údair chomh maith.
GaelGÁIRÍ, Amharclann an Brehon, Dé Sathairn 3 Samhain @ 22:00
Tá súil agam go bhfuil scata gáirí déanta agaibh ón gCéadaoin seo caite, nuair a cuireadh tús leis an bhféile iontach seo. Mura bhfuil, beidh deis agaibh sin a dhéanamh anocht, mar go mbeidh fuirseoirí a thagann faoi scáth GhaelGÁIRÍ ag teacht chun na stáitse. Is in Amharclann an Brehon a bheidh Julie Jay; Aideen McQueen; Cillian Ó Braonáin; Seán T. Ó Meallaigh; agus Eoin P. Ó Murchú, lena sheó Google Translate agus an Dr. Zúlú Lord…táim féin ag tnúth le tuilleadh faoi sin a chlos! Neostar dom go mbeidh aoi speisialta i láthair ar an oíche chomh maith. Tá an ócáid seo eagraithe mar chuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge.
Club na Féile, INEC, Dé Sathairn 3 Samhain @ 23:00
Oíche dheireanach an Oireachtais go hoifigiúil a bheidh ann anocht! Cuirgí oraibh na bróga rince agus seo libh amach ar an urlár le Fallaí Luimnigh agus Ionsaí na hInse a dhéanamh le tionlacan ón sárghrúpa Pólca 4. Táim cinnte go mbeidh an Flosh féin agus fiú an Macarena le feisicnt…. is fúibhse atá sé! Scaoiltear le gach saghas steip. Bain súp as agus fág slán le cairde nua, go dtí go gcífidh tú iad ag an ócáid chéanna an bhliain seo chugainn!