“Cosnaígí libh,” arsa Jake Mac Siacais ag Seoladh Fleadh Feirste 2024

Seoladh clár na Cultúrlainne inniu don fhéile shéasúrach Fleadh Feirste 2024 i nDánlann Dillon. Bhí fuadar fán áit agus aíonna speisialta ó Chonradh na Gaeilge, Forbairt Feirste, Fís an Phobail agus an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt cainte ar thábhacht na féile le linn na míonna fuara.

Shuigh lucht féachana an imeachta sa dánlann timpeallaithe ag ceol traidisiúnta agus píosaí ealaíne de chuid daltaí Choláiste Feirste. Ní foláir a aithint gurb é seo croílár na Cultúrlainne agus Fleadh Feirste; an pobal, an óige agus an chruthaitheacht.

Chuige sin, tá clár spleodrach curtha le chéile ag an choiste eagrúcháin i mbliana a fhreastalóidh ar an phobal agus an óige araon.

Chuir Edel Ní Churraoin tús leis an tseoladh a rá gur deacair a chreidiúint go bhfuil an Nollaig buailte linn arís agus go mbeidh Fleadh Feirste faoi lán seoil. Thagair sí don bhorradh shuntasach atá fán Ghaeilge i mbliana, go háirithe agus an scannán Kneecap á scaipeadh ó Bhóthar Seoighe go Mumbai.

Dúirt Jake Mac Siacais cúpla focal faoin imeacht Cothaigh a thiteann amach gach bliain agus an Fhleadh féin: “Thosaigh muid Fleadh Feirste thiar in 2009 agus shíl mé ag an am sin gur mithid dúinn seilbh a ghlacadh ar na féilte arís, neamhspleáchas na nGael a fhógairt agus é a chosaint. Mar sin, cosnaígí libh.”

Tá Clár Fleadh Feirste anois beo ar líne agus tá Comórtas Ealaíne Nollag na Cultúrlainne faoi lán seoil fosta. Féach thíos cuid de na himeachtaí a bheas ar siúl i rith na fleidhe.

Fleadh Feirste 2024

Kneecap — Léiriú scannáin agus C&F i gcomhar le BFI agus Zeppo Arts
Ceist agus freagra leis an triúr rapálaithe agus stiúrthóir an scannáin iontaigh, Rich Peppiatt san Amharclann i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.
30/11/24 – 12:00

Seó na Nollag: Saintí sa Bhaile i gcomhar leis an tSnatháid Mhór
Geamaireacht na Nollag don phobal bunaithe ar an leabhar nua leis an tSnáthaid Mhór ‘Saintí sa Bhaile a sheolfar ar an 1 Nollaig.
30/11/24 – 12:00

Faiteach – Aiteach le Dónall Mac Giolla Chóill
Seolfaidh eagarthóir NÓS, Conor Torbóid an leabhar nua ceannródaíoch le Dónall Mac Giolla Chóill, ‘Faiteach – Aiteach’ ina bpléann sé a shaol mar fhear aerach as an Ghaeltacht ag bogadh chun na cathrach.
30/11/24 – 11:00-14:00

Pluais Dhaidí na Nollag
Tabhair na páistí go Pluais Dhaidí na Nollag le bronntanais speisialta, seacláid agus grianghraf le Daidí na Nollag a fháil sa Chultúrlann.
01/12/24 – 13:00

Lasadh Shoilse na Ceathrún Gaeltachta agus craoladh beo le Raidió Fáilte
Lasfar Soilse na Ceathrún ag an Chultúrlann le haíona speisialta agus craoladh beo ó Bhia Loch Lao le Raidió Fáilte.
01/12/24 – 16:00

Ceolchoirm na Nollag le Moya Brennan
Beidh Moya Brennan ó Clannad ag cur le spiorad na Nollag le ceolchoirm iontach sa Chultúrlann chun deireadh ceart a chur le Fleadh Feirste.
14/12/24 – 19:00

SCÉALTA EILE