‘Craic sna haon chúinne’ ag Féile Ceoil Bhaile na nGall

Bhí oícheanta siar amach go búndún dearg na hoíche i mBaile na nGall an deireadh seachtaine seo caite, nuair a tionóladh an chéad Fhéile Ceoil a bhí ar an mbaile riamh. Idir mhuintir Chorca Dhuibhne agus ógánaigh a tháinig ó cheann ceann na tíre, mórán ó Fhear Manach agus an Cabhán, bhí ana-bhailiú ann – gach éinne i láthair chun éisteacht le ceol agus amhráin, agus chun dul i mbun steipeadaíola agus filíochta. Bhí bús Gaolainne le clos an chéad mhaidin, maidin Dé hAoine, nuair a tionóladh ‘Allagar na hAoine’, ócáid ana-mhealltach ar fad inar deineadh cíoradh ar fhocail Ghaolainne le saoi na bhfocal Toose Mac Gearailt. Is é Éanna TP Ó Conchúir, an fear óg a d’eagraigh an Fhéile, a dhein an ócáid a oscailt go hoifigiúil oíche Dé hAoine.

Bhí tús luath le himeachtaí an tSathairn, le ciorcal comhrá a bhí eagraithe ag Tobar Dhuibhne, ach mar a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne, John Prendergast, liom ba gheall le Allagar na hAoine: Téic 2 é, agus fuadar agus faobhar ar theanga Toose ag caint leis an slua a bhí ann chun éisteacht lena bhriathra breátha blasta. Bhí a thuilleadh rangáis béaldorais i dTigh Bheaglaoi, mar a raibh filíocht le clos agus scéalta á n-aithris, pé acu an fíor nó bréagach a bhí cuid acu!

Ní raibh an lá thart fós. Thosnaigh an rince seite i dTigh Bheaglaoi ina dhiaidh san agus ambaist ach ná raibh aon spás ar an urlár chun rince ag an slua a bhí bailithe isteach. Caitheadh daoine a ghlanadh! Bhí ana-éileamh ar an rince, go mór mhór toisc muintir Bheaglaoi a bheith ag seinmt agus seana-thaithí acu ar a bheith ag tionlacan na rincí. Bhí an seit ar eolas ag na héinne a bhí i mbun steipeadaíola, rud a chabhraigh leis na rannpháirtithe níos mó sásaimh a bhaint as an ócáid, a dúradar. Ba gheall leis na seana-laethanta iad.

Thall i dTigh TP bhí tráthnóna amhránaíochta. Ba é sméar mhullaigh mo dheireadh seachtaine-se ach go háirithe ná Jim Bill Ó Cathalláin (níl aon ghaol agam leis) a chlos ag amhrán The Cliffs of Dúinín leis an gceoltóir gan cháim Deirdre Granville ón nDaingean á thionlacan.  N’fheadar arbh é Jim, nó muintir Fhlatharta Chonamara, aíonna speisialta na Féile ba mhó a thug an slua leo, ach bhí spás ag an bhFéile seo dos na héinne, dá mb’áil leo a bheith páirteach.

Ar maidin Dhomhnach Cásca, bhí ceann tinn ar mhórán agus isteach leo sa tsáile chun é a chur dóibh. Bhí sé ina lagtrá cheart, bhí sé deacair tú féin a thumadh. Leigheas na póite, a deirtear, ná ól arís! 

Bhí ana-chuid de mhuintir na háite ag an bhFéile oíche Dé Domhnaigh. Bhí amhrán anseo, is amhrán ansúd, na héinne ar a suaimhneas, á thógaint breá bog. Fé mar a dúirt bean amháin liom, “bhí craic sna haon chúinne”. 

Idir sandwigí an chomhluchta CÁIS, ceol mhuintir Bheaglaoi, Ghranville, Fhlatharta Chonamara, Kyle agus Nicole, Muireann Nic Amhlaoibh, Andrea Palandri, Ciara de Mórdha, Páidí Mhárthainn Mac Gearailt agus an uile dhuine a dhein a gcuid, ba dheacair buachtaint air. Bhí sé réchúiseach scaoilte mar Fhéile, gan aon bhrú ar éinne, ach gach éinne ar a mbuille ag déanamh a gcuid ar son Bhaile na nGall, (an baile beag is fearr ar domhan)!

Ná dearúdaimís an tigín allais a bhí le hais na trá, eagraithe ag Fran, bean na dtuáillí lámhdhéanta. Bean darbh ainm Bronwyn Connolly ón gcomhlacht Wilder Wellness a tháinig ó Chorcaigh leis an mbothán te agus a d’fhan ansúd in aice na trá ar feadh ceithre lá. Bhí daoine isteach agus amach as feadh an deireadh seachtaine, pé acu an chun smúit na féile a chur dóibh é, nó chun a scíth a ligint ar chostas €5. Dheinidís snámh i ndiaidh an bhotháin allais, agus isteach leo sa bhfolcadh feamainne ina dhiaidh san in Ionad Folláine Chorca Dhuibhne le hais Thábhairne TP. Ní lá fós é mura dtiocfaidh léitheoirí NÓS chomh fada leis an bhFéile an bhliain seo chugainn, mar bhí sí nótáltha!

Más aon slat tomhais í Féile na bliana seo, déanfaidh sí ana-fhéile arís an bhliain seo chugainn agus é deimhnithe ag Éanna, go mbeidh Féile Ceoil Bhaile na nGall thar n-ais arís An Cháisc seo chugainn.

SCÉALTA EILE