Tá Bealtaine linn…beagnach! Go traidisiúnta in Éirinn, is é seo an chéad lá den tsamhradh agus, i mbliana ar a laghad, tá an dealramh sin ar an aimsir faoi láthair anseo i dTír Chonaill. Bhí Aibreán an-mhaith ann agus, cé go raibh ‘Garbhshíon na gCuach’ againn le seachtain anuas, tá an dea-aimsir pillte agus mé ag scríobh faoi láthair.
Babhta de dhrochaimsir a bhuaileann an tír thart fán am chéanna a thagann an chuach atá i gceist le ‘Garbhshíon na gCuach’, ‘Gairbhín na gCuach’, nó ‘Scairbhín na gCuach’ ag brath ar an áit a bhfuil tú sa tír. I lár nó ag druidim ar dheireadh Aibreáin a bhíonn i gceist le teacht na cuaiche i dTír Chonaill den chuid is mó agus is cinnte gur ghlac sí an t-anfa léi i mbliana.
Dhéantaí go leor chun fáilte a chur roimh an tsamhradh agus is dócha gurb é Bábóg na Bealtaine an rud is mó atá againn i samhlaíocht an lae inniu a bhuí leis an amhrán cháiliúil ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’. Bhí nós ag grúpaí gabháil amach ar Oíche Bhealtaine, bábóg á hiompar acu ó theach go teach agus iad ag ceol agus ag aithris rímeanna. Bhí ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ ar cheann de na hamhráin a cheoladh buachaillí agus cailíní óga i Muineachán, mar a mhínígh Owen Byrne d’Énrí Ó Muirgheasa nuair a bhí an leabhar clúiteach ‘Céad de Cheoltaibh Uladh’ á chur le chéile ag Ó Muirgheasa.
Lá mór chun bláthanna a bhailiú é seo agus iad a úsáid ar mhaithe le do shláinte nó dealramh óg a choinneáilt ort. Mar atá luaite i gcuntas as Gleann Fhinne:
“Is gnáthach leis na daoine a dhul ag cruinniú bláthanna ar Lá Bealtaine Úr. Cruinnigheann siad gach uile seort bláth agus go hairidhe cruinnigheann siad “lus buidhe Beáltaine”. Caithfeann siad cuid aca fá na dorsa, ar mhullach an toighe agus ins an ghairdín in Onóir na Maighdine agus i n-éadan Cailleacha na bPisreóg.
Ar maidín Lá Bealtaine téigheadh mná amach agus níghfeadh siad a gcuid aghaidte leis an drúcht a bhíodh ar an talamh roimh éirighe gréine. Shaoil siad go gcongbhochadh seo gan cuma sean a bheith ag teacht ar a n-aghaidte go ceann bliadhna.”
Tá cuntas as Port Láirge ina bhfuil se luaite go raibh nós luibheanna a bhailiú an oíche roimh Lá Bealtaine, iad a bhruith, agus cupán de a ól. Ní thiocfaidh tinneas ort an bhliain sin ach sin a dhéanamh.
Nós atá le feiceáil sa scannán chultais The Wicker Man ná an Crann Bealtaine. Nós coitianta é seo agus éagsúlachtaí beaga ó áit go háit ach, go ginearálta, cuireadh craobh (de chrann caorthainn cuid mhór den am) ina seasamh sa ghairdín agus bláthanna eile curtha ar an chraobh chun í a mhaisiú. Is cosúil gur nós é seo a bhain le torthúlacht agus gur íomhá é an crann seo a sheasann do bhall fireann den chorp.
Creideadh go raibh cailleacha in ann fiúntas an bhainne a sciobadh ó na ba ar an lá seo agus bhí cuid mhór nósanna ann chun bac a chur orthu. Bhí cúpla dóigh ann ina raibh cailleacha in ann an bainne a sciobadh. An ceann is coitianta ná giorria a dhéanamh daofa féin agus rith faoin bhó (tá giorria Bealtaine le ceannacht anseo más suim le duine Bealtaine nó na cailleacha a cheiliúradh). Dóigh eile a bhí ann ná brat a tharraingt trasna na páirce ina raibh na ba roimh éirí na gréine.
Bhí cúpla dóigh ann chun do stoc féin a chosaint. Dhéanadh feirmeoirí áirithe im úr agus chuireadh siad i dtaisce é an oíche roimh Bhealtaine agus níor ghlac siad amach é go dtí an bhliain ina dhiaidh nuair a dhéantaí an rud céanna arís. Daoine eile, chuireadh siad duilleoga agus cipíní ón chrann troim thart fán chuinneog an oíche roimhe chun na ba a chosaint.
Cad a tharlaíonn, ámh, más é nach n-éiríonn leat na ba a chosaint agus cailleach anois ag sciobadh an bhainne uait? Ná bíodh imní ort muna bhfuil a fhios agat; thug Pádraig Eoghain Phádraig Mac an Luain as na Cruacha Gorma an freagra do Shéamas Ó Cathain sa bhliain 1973 agus foilsíodh é sa leabhar ‘Uair an Chloig Cois Teallaigh‘ a tháinig amach sa bhliain 1985.
An rud atá le déanamh ná achan pholl atá sa teach (simléar, poll na heochrach, srl.) a dhruidim, crú asail a chur ar an tine go n-éiríonn sé dearg, an crú a chur thíos faoin chuinneog, fear amháin greim a choinneáilt ar an chuinneog, agus fear eile ar an mhaistreadh, é ag bualadh go trom. Achan uair a bhuaileann an cuaille bun na cuinneoige, dónn an crú an duine atá ag sciobadh an bhainne. Dar le Pádraig Eoghain Phádraig, tharla sin sa cheantar uair amháin agus bhí aithne aige féin ar iníon na mná a bhí ag sciobadh an bhainne. Comharsa leis an duine a rinne an maistreadh a bhí inti agus tháinig sí chun an tí ag impí air stopadh, ní nach ionadh sin agus an crú á dó!
Cuid mhór oibre sin thuas, ámh, agus níor mhaith linn ár gcomharsana a ghortú. Ná déanaigí dearmad rud beag ime a chur i dtaisce an oíche roimh ré. Sin i bhfad níos fusa.