Cuaille tótaim le filleadh ar an Nisga’a faoi dheireadh

Tá cuaille tótaim a goideadh ó chósta thiar Cheanada beagnach 100 bliain ó shin le filleadh ar a fhód dúchais.

Is le Náisiún an Nisga’a, grúpa bundúchasach a chónaíonn in British Columbia, mar a thugtar anois ar an talamh, an cuaille ard 11 mhéadar ach tá sé á choinneáil ag Músaem Náisiúnta na hAlban i nDún Éideann ó bhí 1929 ann.

Is é an t-antraipeolaí Ceanadach Marius Barbeau a dhíol an cuaille leis an Músaem, rud nach raibh de cheart aige a dhéanamh ó tharla gur goideadh é nuair a bhí muintir an náisiúin as baile le linn shéasúr na seilge.

Tá plé ar siúl idir an Nisga’a agus an Músaem le bliain anuas agus tá searmanas spioradálta á reáchtáil in Albain inniu chun an cuaille tótaim a ullmhú don turas fada abhaile.

Beidh searmanas mór poiblí ann sa sráidbhaile Laxqalts’ap nuair a bhainfidh an cuaille tábhachtach an baile amach an 29 Meán Fómhair.

Cuirfear in airde arís é go luath ina dhiaidh sin.

“Creidimid go bhfuil spiorad ár sinsear beo sa chuaille seo,” arsa Sim’oogit Ni’isjoohl, taoiseach de chuid an Nisga’a.

“Tá sé ríthábhachtach dúinn go mbeidh an cuaille cuimhneacháin ar ais againn ionas go mbeimid in ann ár gclann, ár náisiún agus na glúnta atá le teacht a cheangal lenár stair bheo féin.”

Breis agus 5,000 duine atá i Náisiún an Nisga’a agus tá iarrachtaí ar bun acu a dteanga féin – a bhfuil thart ar 2,000 cainteoir aici – a athbheochan chomh maith.

Tá siad ar an líon beag grúpaí bundúchasacha as gach cearn den Domhan a bhfuil na hiarsmaí a goideadh uathu tráth faighte ar ais acu i gcaitheamh na mblianta.

Le fada an lá tá díospóireacht ar siúl maidir leis na hiarsmaí goidte atá á gcoinneáil i bailliúcháin phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe i dtíortha an Iarthair, ach tá a bhformhór siúd fós i seilbh músaem nó daoine aonair.

SCÉALTA EILE