Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil an fhéile cheoil agus ealaíon is mó in Éirinn ar siúl an deireadh seachtaine seo sa Sráidbhaile i gContae Laoise. Mura mbeidh tú ag an Electric Picnic, is dóigh go bhfuil fomo ceart ort faoin am seo agus grianghraif á gcrochadh ar na meáin shóisialta cheana féin acu siúd ar éirigh leo lá saor a fháil ón obair agus an campa a shocrú go luath.
Tá caint mhór i mbliana faoin dá ardán a bheith ann d’imeachtaí agus do cheoltóirí Gaeilge ag an bhféile, chomh maith leis an láithreán speisialta campála atá curtha ar leataobh agus lucht eagraithe na féile do chainteoirí Gaeilge. Ar ndóigh, tá an Puball Gaeilge á chrochadh ar an Sráidbhaile le breis agus deich mbliana anuas, ach seo í an chéad bhliain a bheidh an dara ardán Gaeilge ann, agus é urraithe ag Bliain na Gaeilge.
Cé gur iontach an rud é go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí fós ag EP na bliana seo, tá cuid agaibh ann a bheidh ag iarraidh éalú ó shaol na Gaeilge ar feadh an deireadh seachtaine. B’fhéidir go n-oibríonn tú le heagraíocht Ghaeilge agus tú ag iarraidh do chomhghleacaithe (nó do bhoss!) a sheachaint, nó b’fhéidir gur phóg tú an t-amadán sin ag an Oireachtas anuraidh agus níl tú ag iarraidh é a fheiceáil arís, nó b’fhéidir gur mhaith leat díreach éalú go domhan eile ar fad ar feadh trí lá.
Seo cúig leid duitse, mar sin:
1. Láthair Champála
Ar ndóigh is fearr a bheith luath ná mall! Más féidir leat éalú luath ón obair inniu, imigh leat agus beidh do rogha láithreach agat. Bhí 200 spás ar fáil sa láthair “Ghaeltachta” agus nach mór chuile cheann acu sin curtha in áirithe anois. Is é an Jimi Hendrix an láthair is mó agus is bríomhaire, is ann atá na seirbhísí (bia, leithris srl) is mó, chomh maith le príomhbhealach isteach chuig an bhféile féin. Is iondúil gurb iad Charlie Chaplin agus Janis Joplin is ciúine (má tá ‘ciúnas’ ann!) agus Oscar Wilde áit éigin i lár baill.
Agus an puball á chrochadh agat, seachain na cosáin (titfear ort), na leithris (an boladh!), na crainn (.i. leithreas tánaisteach) agus an féar fada (feithidí!).
2. Ceol, ceol, ceol
Cé go bhfuil liosta le háireamh le bheith ar an ardán ag an bPuball Gaeilge agus ar ardán Bhliain na Gaeilge i mbliana (agus iad áirithe ag Sinéad Ní Uallacháin s’againn féin) níl tada níos measa ná an deireadh seachtaine ar fad a chaitheamh in aon áit amháin ag Electric Picnic. Tá an oiread áiteanna agus ardáin ann ar eastát an tSráidbhaile gur féidir gan a bheith san áit chéanna faoi dhó thar an deireadh seachtaine.
Mar sin, déan cinnte nach gcailleann tú leithéidí ua Lipa, Sigrid, Nina Kraviz, Benjamin Clementine, St Vincent, Erica Cody, agus más mian le rud éigin ruainne beag vintage a aimsiú Massive Attack, atá ag casadh ag féilte na hÉireann le breis agus 20 bliain.
3. Mindfield
Is anseo a bhíonn an Puball Gaeilge lonnaithe, ach tá an t-uafás rudaí eile le déanamh sa Mindfield, áit a leagtar béim ar na healaíona agus imeachtaí eile seachas ceol. Beidh roinnt podchraoltaí a dtaifeadadh/craoladh beo ar an láthair: The Blindboy Podcast, Motherfoclóir, agus Beo, Ar Éigean ina measc, chomh maith le cainteanna ar nós History Ireland Hedge School, agus seónna grinn ar nós Waterford Whispers News: Live.
4. Theatre of Food
Tá bia ar fáil go forleathan ag EP, agus costas mór air! Ach má bhíonn an t-ádh leat seans go bhfaighfeá greim deas le n-ithe anseo, agus é saor in aisce. Bíonn cainteanna agus taispeántais chócaireachta ar siúl sa tráthnóna agus leithéidí Phádraic Óig Gallagher (ó Gallagher’s Boxty House i mBaile Átha Cliath), Sinéad Delahunty, ‘The Cupcake Bloke’, agus JP McMahon (ó Aniar i nGaillimh). Ar ndóigh, ní hamháin bia a bhíonn ar taispeáint in Theatre of Food ach an t-ól freisin — beidh Slane Irish Whiskey, Wines Direct, agus Bacardi Mojito Masterclass ar an láthair freisin, i measc grúpaí eile.
5. Greencrafts Village
Is minic a théitear thar an gcuid seo den fhéile gan mórán aird tugtha air, ach dáiríre, d’fhéadfá lá iomlán a chaitheamh anseo sula dtosaíonn na cóisirí cearta istoíche. Bíonn ceardlanna sa ngaibhneacht, sa tseodóireacht, sa bpotaireachta agus i go leor ceirdeanna eile ar bun anseo. Bíonn na ceardaithe cainteach agus cairdiúil agus sásta a scileanna a roinnt le lucht freastail na féile (bíonn costas ar na ceardlanna!). Tóg sos ón gcóisireacht tráthnóna Dé Sathairn agus foghlaim seanscileanna ár sinsear!