Ní fada uainn an deireadh seachtaine is tábhachtaí ar fhéilire na nGael! Tá sé trí bliana ó bhí muid in ann freastal ar Oireachtas na Samhna go deireadh, agus anois tá níos lú ná coicís agat le chuile shórt a fháil faoi réir. B’fhéidir go bhfuil sé dearmadta agat, mar sin, cén chaoi le thú féin a réiteach lena aghaidh. Nó b’fhéidir gurb í seo an chéad uair an deis agat freastail air. Cibé cén scéal é, seo cúpla riail/treoir/ábhar machnaimh le leanacht idir an dá linn.
Ar an gcéad dul síos, ní mór rogha a dhéanamh anois – an bhfuil tú ag dul i mbun traenála nó dítoxála? Is é sin le rá an mbeidh tú ag ól chuile oíche ón lá inniu go Samhain le cinntiú nach sínte ar an talamh a bheidh tú sula n-osclófar doirse an Bhálsheomra*? Nó an bhfuil sé i gceist agat gan deoir a ól idir seo agus sin sa gcaoi is go mbeidh tú saor le dhul fiáin don dá lá mhóra?
An dara rud: na héadaí. Tá seanchleachtadh anois againn ar Chill Airne. Ní ghlacfaidh mé níos mó le haon duine a deir nach raibh súil acu leis an mbáisteach. Bíonn sé i gcónaí ina dhíle báistí seachtain an Oireachtais i gCill Airne (Ag iarraidh muid a sháinniú san INEC atá siad, tá mé cinnte de). Seol na téacsanna chuig an groupchat anois – jíons agus top deas? Sciorta? Gúna? Cóta!
PS níl duine ar bith théis inseacht dom fós an mbeidh cultacha Óíche Shamhna á gcaitheamh againn nó mura mbeidh, tá mé fós ag fanacht ar fhreagra!
Anois an cleachtadh. Is cuma liom murar chuir tú isteach ar chomórtas ar bith nó mura bhfuil sé i gceist agat freastal ar oiread is ceann amháin de na comórtaisí, ní haon leithscéal é sin. Cúpla steip, cúpla véarsa, cúpla jóc agus cúpla scéal, ní ghabhfadh siad amú. Deireadh seachtaine mór cleamhnais é seo freisin, ná déan dearmad. Cleachtaigh na pick up lines is gaelaí dá bhfuil agat. Agus úsáid iad!
Bíodh cúpla beannú éagsúil ar bharr do ghoib freisin agat. Feicfidh tú tar éis tamaill gur ag castáil ar na daoine céanna atá tú agus tú ag dul síos agus aníos hallaí an Ghleneagle agus tá teora leis an méid uaireanta is féidir leat an seanrud céanna a rá arís agus arís eile.
An nod deireanach, agus b’fhéidir gurb í seo is tábhachtaí. Tá ballaí an Ghleneagle (agus na n-óstán uile) an-tanaí. Ná ceap os rud é go bhfuil tú i do sheomra beag féin go bhfuil tú saor le dhul ag tabhairt amach faoin raicleach sin a casadh ort thíos staighre. A luaithe agus a dhéanfaidh tú é sin, féadfaidh tú a bheith cinnte go bhfuil a cara is fearr, a col ceathrar nó cara a rinne sí deich nóiméad ó shin béal dorais agus chuile rud atá á rá agat le cloisteáil acu. Ní fiú é. Ná cur do chois ann.
*Bálsheomra, oíche Dé hAoine 22.00 Oíche na Mac Léinn!