Tá cúpla spás fágtha ar an mbus a thabhairt lucht freastail Fhéile na Gealaí ó lár Bhaile Átha Cliath go láthair na féile i nGaeltacht na Mí tráthnóna. Tá bus eagraithe ag Club Chonradh na Gaeilge a fhágfaidh an club ar Shráid Fhearchair ag 15.00 tráthnóna le haghaidh a thabhairt ar an bhféile Ghaeltachta i Ráth Chairn.
Costas €21 (+ táille €2.50) atá ar an ticéad fillte do dhuine fásta agus €18 (+ táille €2.28) atá ar an ticéad do mhac léinn. Fágfaidh an bus 6 Sráid Fhearchair ag 15.00 tráthnóna agus fágfaidh sé páirc peile Ráth Chairn (láthair na féile) ag 11.00 maidin Dé Domhnaigh.
Tá ticéid champála, ticéid lae, agus pasanna teaghlaigh fós ar fáil d’Fhéile na Gealaí. Costas €110 (+ táille €8.95) atá ar an ticéad campála don deireadh seachtaine, €50 (+ táille €4.60) atá ar an ticéad lae agus costas €15 (+ táille €2.07) atá ar phas teaghlaigh.
Cuirfear tús le Féile na Gealaí inniu i Ráth Chairn na gréine agus beidh an fhéile ar siúl go dtí Dé Domhnaigh.