Taispeántais ‘I gCroílár Mo Chroí’ agus ‘Gan Srian’

Ar fáil gach lá de réir uaireanta oscailte na Cultúrlainne
Seoladh dhá thaispeántas nua sa Chultúrlann an tseachtain seo. Is grúpa iad Ealaíontóirí sa Mhuileann atá lonnaithe i Muileann Mhic Con Mhidhe. I measc na ndisciplíní a chleachtann siad tá an phéintéireacht, an phriontáil, an chriadóireacht, an dealbhóireacht, ealaín gloine, agus tisctílí. Spreag líne dheireanach an dáin ‘The Lake Isle of Innishfree’ le WB Yeats an taispeántas I gCroílár Mo Chroí.
Bailiúchán tarraingteach é Gan Srian de phictiúir uiscedhatha leis an ealaíontóir iomráiteach Stephen Shaw. Críochnaíodh na píosaí seo le dhá bhliain anuas, go leor acu le linn na dtréimhsí dianghlasála, agus tugtar léargas fíorshuimiúil greannmhar agus uaireanta dúshlánach ar chodanna de Bhéal Feirste, d’Éirinn agus d’áiteanna eile nach iad.
Ár nOidhreacht i gCloch – Cúrsa le hOideas Gael

Oideas Gael, ag tosú Satharn 7 Lúnasa
Tá stair láidir gheolaíochta ag an tír seo, agus neart le foghlaim faoi ar an gcúrsa nua seo i dTír Chonaill. Tá cáil iardheirsceart an chontae mar gheall ar na haillte móra ach tá neart eile ann freisin. Ar an gcúrsa seo, beidh ranganna agus imeachtaí gach maidin agus siúlóidí treoraithe san iarnóin.
Tuilleadh eolais & cláraigh ag http://oideasgael.ie/en/geology/
Féile na hAbhann

Cosán Tarraingthe an Lagáin, Domhnach 8 Lúnasa @12:00
Ar an Domhnach beag seo, beidh lá spraíúil ar fáil do lucht Bhéal Feirste ar bhruacha an Lagáin agus Féile na hAbhann fillte! Bí ag súil le ceardaíocht, bia, ceol beo agus imeachtaí uisce ar fáil óna 12 go dtí 16.00.
Tumsheachtain Samhraidh 2021, Gaeltacht an Oileáin Úir

Luan 9 Lúnasa – Aoine 13 Lúnasa
Is deis iontach é seo an teanga a fhoghlaim agus bualadh le daoine nua i gCeanada. Beidh ranganna Gaeilge ar siúl do leibhéil éagsula. Chomh maith leis sin, cuirfear ceardlanna cultúrtha ar fáil. Beidh Tumsheachtain na bliana seo á reáchtáil ar líne (Zoom) an tseachtain seo chugainn agus fáilte roimh dhaoine ó gach cearn den domhan páirt a ghlacadh ann.
Tuilleadh eolais ar Facebook
Turas Shlí na Gaeltachta

Máirt 10 Lúnasa @10:00
Beidh ceannaire Fhorbairt Feirste Jake MacSiacais ag treorú grúpa ar Shlí na Gaeltachta i mBéal Feirste, le foghlaim faoi na daoine móra tábhachta teanga sa chathair. Foghlaimeoidh tú faoin nasc idir Bobbie Sands agus Rutledge Kane, ceannaire ar an Ord Oráisteach, chomh maith le neart eile.
Cláraigh roimh ré anseo nó cuir glaoch ar 07739875309