“Cluinimid an focal ‘cailleach’ go minic ag an am seo den bhliain agus tchímid na híomhánna den tseanbhean ghránna, ach ní sin mar atá sé,” arsa Caitlín Nic Cathmhaoil, bean óg as Co. an Dúin a thagann le chéile le mná eile achan mhí leis an ghealach lán a cheiliúradh.
Bíonn nasc ar leith ag mná áirithe leis an nádúr. Mothaíonn siad fuinneamh an nádúir agus na gealaí go háirithe. Creideann siad go bhfuil spiorad ag achan rud atá beo ar an domhan seo agus creideann siad go bhfuil muid ábalta fuinneamh dearfach an nádúir dhiaga a úsáid chun comhairle agus cuidiú a fháil dúinn féin agus do dhaoine eile.
Chuirtí ‘cailleacha’ ar na mná seo san am a chuaigh thart agus d’úsáid an eaglais, an mhonarcacht agus an rialtas i dtíortha fud fad an domhain an focal sin chun ionsaí a dhéanamh ar mhná agus chun eagla a scaipeadh i measc na ndaoine.
Tá an saol difriúil anois agus tá an eagla, an náire agus an fhearg sin a bhí beo in aigne na mban ar feadh na gcianta ag imeacht anois beagán ar bheagán.
Déanaimis ceiliúradh anois ar ‘cailleacha’ ar fud na cruinne anocht, Oíche Shamhna.