Damhsóir an Daingin

Treabh núíosach i ndomhan an damhsa Ghaelaigh is ea Fusion Fighters atá ag mealladh na céadta mílte de lucht leanúna lena bhfíseáin spleodracha. Labhair NÓS le damhsóir Dhaingean Uí Chúis, David Geaney, atá páirteach sa ghluaiseacht nua damhsa seo.


Agus ré Riverdance thart, nach mór, tá bláthú ag teacht ar ghlúin úr damhsóirí Gaelacha atá ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh den traidisiún.

Is ceannródaithe iad Fusion Fighters i measc na n-iarrachtaí sin, buíon nua damhsóirí atá taobh thiar den tsraith rathúil físeán atá tiomáinte ag buillí beoga, céimeanna coise cruthaitheacha, fuaimrian ceol comhaimseartha agus damhsóirí Gaelacha, atá aitheanta i measc an chuid is fearr ar domhan – mar atá David!

Is seaimpín domhanda faoi chúig é damhsóir an Daingin, cé nár luaigh sé sin!

David late late

An iad Fusion Fighters an Riverdance nua mar sin?

“Tá sé deacair an cheist sin a fhreagairt i bhfírinne. Is é Riverdance an seó is mó ar domhan. Tá an-rath air agus an-aitheantas aige go hidirnáisiúnta.

“Nuair a théann tú thar lear agus má chloiseann tú daoine ag caint mar gheall ar an tír bheag seo, gach seans gur Riverdance an t-aon rud atá ar eolas acu fúinn,” ar David, atá ar dhuine de bhunaitheoirí Officially Tapped agus Velocity, grúpaí damhsa nuálacha anseo in Éirinn.

Ní fíor an méid sin faoi Fusion Fighters go fóill ach tá David den bharúil go bhfuil “ana-dheis” ag an togra nua seo rud éigin “nua agus iontach” a dhéanamh.

“B’fhéidir ansan go mbeadh sé níos mó ná Riverdance fiú,” ar sé.

Ó saolaíodh Riverdance thiar i 1994, táthar i ndiaidh na mílte seónna a chur i láthair agus lucht féachana de bhreis agus 25 milliún a mhealladh chun teacht chuige.

Más aon chomhartha é an dul chun cinn atá déanta ag an treabh nua damhsóirí seo le sé mhí anuas, ní i bhfad óna réamhtheachtaí Riverdance iad, cé gur lucht féachana ar líne atá aimsithe acu go dtí seo.

Mí an Mheithimh seo caite an chéad uair a foilsíodh físeán spleodrach (#FFVideoFeature) ar líne, tráth a bhí tuairim is dhá mhíle leantóir acu.

Ó shin, tá suas le dhá mhilliún tar éis breathnú ar na físeáin agus cúig mhíle leantóir sa bhreis aimsithe acu.

Ar an mheán, faigheann na físeáin os cionn dhá chéad míle radharc.

Mhínigh David go bhfuil tarraingt mhór ar na físeáin chomh maith i measc rinceoirí timpeall na cruinne atá ag iarraidh a bheith páirteach iontu.

Meascann Fusion Fighters damhsa Gaelach le popcheol, ceol clasaiceach agus “cnaguirlisí coirp”, a d’fhoglaim Chris Naish, cóiréagrafaí, damhsóir agus an fear taobh thiar den fhiontar nua, le linn dó seal a chaitheamh san Afraic.

Tháinig David isteach sa ghrúpa tuairim is bliain ó shin, nuair a d’iarr Chris air a bheith páirteach in ‘Fusion Orchestra’.

Mórsprioc Chris is ea ‘Fusion Orchestra’, seó nua damhsa a bheas ag teacht leis an stíl chéanna atá le feiceáil sna físeáin.

“Bhí mé idir dhá aigne mar gheall ar mo chuid rince ag an am mar nach raibh a fhios agam cad a bhí uaim,” arsa David, atá ag tabhairt faoi chéim eacnamaíochta agus mhatamaitice in Ollscoil Luimnigh faoi láthair.

“Ní raibh mórán suime agam taisteal ar fud an domhain le Riverdance nó Lord of the Dance agus bhíos ag diúltú do gach tairiscint roimis seo,” ar sé le NÓS.

Ach tarraingíodh i dtreo Fusion Fighters é nuair a chuala sé go mbeadh James Devine ann, ceannródaí i ndomhan an chnagdhamhsa agus an damhsóir is tapúla ar domhan (aitheanta go hoifigiúil ag Guinness don churiarracht dhomhanda as an líon is mó buillí a dhéanamh lena chos taobh istigh d’aon soicind amháin), agus a chomhghleacaí Michael Donnellan, a bhí mar cheann feadhna ag Lord of the Dance ar feadh roinnt blianta.

“Bhain mé ana-thaitneamh as an tseachtain a chaith mé leis na leaideanna ag obair ar na físeáin agus d’fhoghlaim mé mórán nach raibh a fhios agam riamh mar gheall ar na físeáin a dhéanamh,” ar sé.

‘Fusion Orchestra’ á léiriú ag Fusion Fighters. (Tá David ag damhsa ar an chearnóg bhuí agus sin Chris ag damhsa ar an chearnóg dhearg.)


An tseachtain seo chugainn, roghnóidh Chris Naish, stiúrthóir ealaíne Fusion Fighters, na 5 fhíseán is fearr go dtí seo do léitheoirí NÓS.

SCÉALTA EILE