Dáta don dialann: Liú na Samhna

Fiú sula rabhthas réidh leis na himeachtaí uile ag Liú Lúnasa, bhí daoine ag rá cé chomh mór a bhí siad ag súil leis an bhliain seo chugainn.

Is é sin an comhartha is mó go bhfuil rath agus bláth tagtha ar an fhéile cheannródaíoch Ghaelach seo taobh istigh de dhá bhliain!

Liú ‘focan’ Lúnasa!

Agus is deas liom a rá libh anois, a chairde, nach mbeidh oraibh fanacht go ceann bliana eile, mar go bhfuil Liú na Samhna anois fógartha.

Bhí a fhios againn gur daoine díograiseacha, dóchasacha, ceanndána iad eagraitheoirí na féile, Naoise Ó Cairealláin agus a chomrádaithe.

Ach ní thiocfadh le duine ar bith acu a shamhlú go mbeadh an fhéile chomh rathúil sin i mbliana.

Cuireadh na himeachtaí ar fad sa tsiúl gan airgead ar bith ón stát – tháinig gach pingin ón phobal fríd shluamhaoiniú ar líne.

lar

‘Scrios ar an stát! Cothaigh meon na saoirse! Gan chultúr ní hann don tsaoirse! Déanfaidh muid seo ón bhun aníos agus mar phobal!’

Sin cuid de na manaí a bhí acu.

Agus is é an dánacht sin a spreag iad siúd a bhí i láthair agus a spreagfaidh iad le teacht ar ais arís, cloigíní ar a magairlí agus soilse ar a gcíocha.

Ón chéad oíche ba léir do gach duine go raibh súnámaí Gaelach ar an bhealach agus go n-alpfadh sé gach duine a bhí os a chomhair, rud a tharla.

Bhí sé difriúil le féile ar bith eile a raibh mé uirthi riamh – mhothaigh gach duine gur leosan na himeachtaí.

Tháinig oibrithe deonacha isteach agus rinne siad obair na gcapall le bheith cinnte go mbeadh gach rud foirfe: ranganna spreagúla Gaeilge, cainteanna suimiúla, ceardlanna fiúntacha spraíúla, Gaelgháirí ag cur daoine sna tríthi gáire, agóid de chuid Misneach, barbaiciú/seisiún sa Chultúrlann, cláir Raidió Fáilte, cluiche sacair trí Ghaeilge agus na ceolchoirmeacha mar shilín mullaigh ar na himeachtaí uilig.

De réir a chéile a thógtar caisleáin, ach tá an caisleán seo ag dul in airde go hiontach gasta.

An rud is mó a tháinig ón rud ar fad ná gur léirigh sé do dhaoine (daoine óga go háirithe) go dtig linn saol sóisialta a bheith againn go hiomlán trí Ghaeilge nuair a thagaimid le chéile – nuair a thagann smaointe radacacha le chéile go mbíonn babaithe leo ag teacht ar an tsaol!

Is teanga phobail í an Ghaeilge anois – thig linn béilte móra a bheith againn le chéile, ceol a sheinm, piontaí a ól, an stát a scriosadh, craiceann a bhualadh – uilig trí Ghaeilge!

Óóóó, sin an spota!

Is cinnte gur cuireadh tús le gluaiseacht úr Ghaelach i mbliana le linn Liú Lúnasa agus cheana féin tá na síolta a cuireadh ag eascairt mar Liú na Samhna.

piceile

Ar an 29 Deireadh Fómhair i gCumann Chluain Ard, Béal Feirste, beidh lá go hoíche agus oíche go maidin ann ag ceiliúradh na dtaibhsí, na gcailleach agus na sióg!

Beidh Liú na Samhna ar siúl do pháistí ó 3-5in an lá sin. Beidh dioscó, scéalaíocht, filíocht, cluichí Samhna agus neart eile ar bun.

Ansin san oíche, nuair atá na sióga ag spraoi agus na taibhsí ina suí, beidh Liú na Samhna 18+ ar siúl.

Beidh achan sórt ruda ag dul ar aghaidh: manglaim, deochanna speisialta, cluichí na Samhna, céilí bréagéide, DJ agus duaiseanna do na daoine leis an chulaith is fearr.

Mar a deir Séamus Barra Ó Súilleabháin, “Muca muca muca, sa tóir ar do mheon.”

Scaoilfidh Liú na Samhna saor sibh, a chairde Gael!

Seasfaidh muid le chéile, na réabhlóidithe!


£3-5 atá ar an doras. Rachaidh cibé brabús a dhéanfar chun sochair d’Fhéile Liú Lúnasa.

Más suim leat cuidiú linn agus a bheith páirteach i bhfoireann Liú Lúnasa, nó má tá aon smaoineamh agat, seol ríomhphost chuig Liulunasa@gmail.com

SCÉALTA EILE