Dátaí Fhéile na Gealaí 2022 fógartha

Beidh Féile na Gealaí ar siúl den ochtú bliain i Ráth Chairn ghlas na Mí an samhradh seo agus súil ag lucht a heagraithe go mbeidh an fhéile ina hiomlán ar siúl san fhíorshaol. Tá an fhéile á reáchtáil i nGaeltacht na Mí ó bhí an bhliain 2016 ann ach b’éigean do lucht a heagraithe í a chur ar líne in 2020 agus 2021 de dheasca an víris chorónaigh.

An dara deireadh seachtaine de mhí an Mheithimh a thiocfaidh na Gaeil le chéile i ngarraithe glasa Ráth Chairn in éineacht le scoth na gceoltóirí Gaelacha. Beidh Féile na Gealaí ar siúl idir an 10-12 Meitheamh. Áirítear an fhéile i measc na bhféilte is fearr i saol na Gaeilge agus bíonn an-tóir ar thicéid bliain i ndiaidh bliana.



Údar mór bróin do na Gaeil a bhí ann nuair a fógraíodh den dara bliain as a chéile nach mbeadh an fhéile ar siúl an samhradh seo caite. Chuir lucht a heagraithe go leor oibre isteach san fhéile ar líne, áfach, agus d’éirigh go maith leis an leagan digiteach di.

Ag labhairt di le NÓS ag an am, dúirt Edel Ní Churraoin gur léir go raibh an pobal “bréan de cheolchoirmeacha ‘beo ar líne’” agus gur theastaigh ó lucht Fhéile na Gealaí “rud níos buaine” ná beoshruth a dhéanamh. Tá na físeáin cheoil a taifeadadh le linn na féile anuraidh ar fáil go fóill ar YouTube.

Níl ticéid ar fáil don fhéile go fóilleach ach gheall an fhoireann go mbeidh eolas ina dtaobh ar an suíomh idirlín (atá á atógáil faoi láthair. Is iondúil go mbíonn ticéid ar fáil ar phraghsanna éagsúla agus córas céimnithe i bhfeidhm ó thús na bliana go deireadh seachtaine na féile.

SCÉALTA EILE