Nochtfar dealbh den mhórscríbhneoir Gaeilge Máirtín Ó Cadhain ina cheantar dúchais i nGaeltacht Chois Fharraige níos deireanaí an mhí seo. Ar an Airdín Glas taobh thoir de bhaile an Spidéil a bheidh an dealbh á nochtadh Dé Sathairn an 23 Iúil ag 15.00. Alan Ryan Hall, atá ina chónaí i nDairbhre, a rinne an dealbh chré-umha agus ba le tacaíocht agus le síntiúis ó eagraíochtaí Gaeltachta agus acadúla, agus ó dhaoine aonair i measc an phobail a thiomsaigh Iontaobhas Uí Chadhain an t-airgead leis an dealbh a dhéanamh agus a shuiteáil.
Ar an gCnocán Glas ar an taobh thiar de bhaile an Spidéil a rugadh Máirtín Ó Cadhain ag tús an chéid seo caite. Bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, ina bhall den IRA a chaith seal i ngéibheann sa Churrach, agus ina scríbhneoir mór Gaeilge. In 1970 a bhásaigh sé agus saothar mór fairsing Gaeilge fágtha ina dhiaidh aige, an leabhar mór Cré na Cille ina measc.
Beidh an dealbh á nochtadh go hoifigiúil ag Dónall Ó Braonáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Ceapadh tionscadal na deilbhe mar chuid de cheiliúradh 50 bliain a bháis i 2020. Ach chuir an phaindéim isteach ar na pleananna sin agus is anois atá an dealbh réidh le nochtadh. Beidh líon teoranta suíochán ann do na cainteoirí, do neasghaolta an Chadhnaigh, do na ceoltóirí, agus dóibh siúd in easláinte.
Táthar ag súil ionad cuairteoirí agus ionad d’ealaíontóirí a dhéanamh de theach cónaithe an Chadhnaigh ar an gCnocán Glas sna blianta amach romhainn. Tá an teach i seilbh Iontaobhas an Chadhnaigh faoi láthair.