Bíonn sé le feiceáil ar bhratacha, t-léinte agus póstaeir ar fud na cruinne ach de réir Amnesty is é “an meaisín maraithe is fearr leis an saol mór”. Amharcann Mícheál Mac an Bheatha ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh, an AK-47.
Is minic a luann iriseoirí gur úsáideadh AK-47 san ionsaí seo nó sa ruathar siúd ach, déanta na fírinne, ní dócha sin óir tá an ’47’ sin ag tagairt don bhliain 1947 agus rinneadh go leor leasuithe ar an bhun-dearadh ó shin.
Tá breis is céad milliún raidhfil den chineál AK déanta go dtí seo agus tá leaganacha nua á dtáirgeadh i gcónaí.
Baineann beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.
Tá siad furasta a dhéanamh agus ar fáil go flúirseach, agus go saor, ar mhargaí airm fud fad na cruinne.
Tá siad éifeachtach, simplí agus láidir.
Is féidir leis 30 piléar a scaoileadh i rud beag níos mó ná 3 soicind.
Creidtear go bhfuil go leor raidhfilí eile ann inniu atá níos fearr ach níl siad chomh héasca a fháil is atá an AK agus is féidir duine a thraenáil conas é a úsáid taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig.
Dar le hoibrí de chuid na Náisiún Aontaithe a bhí ag obair ann anuraidh gur féidir AK a cheannach i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – ceann de na háiteanna is foréigní ar domhan – ar $30-$50 dollar, ag bráth ar an chaighdeán.
In 2007, thug taighde ó Weaponomics: The global market for assault rifles le fios go dtiocfadh le duine raidhfil AK a cheannach :
– in Iarthar na hEorpa: $990
– san Áis: $631
– in Oirthear na hEorpa agus i stáit Iar-Shóivéideacha: $574
– i gCríocha Mheiriceá: $442
– san Afraic agus sa Mheánoirthear: $267
Ba Mikhail Kalashnikov (thuas), Leifteanant-ghinearál in arm na Rúise, a rinne an AK-47 a dhearadh siar in 1945.
Fuair sé bás in 2013 agus é 94 bliana d’aois.
Dar leis go leanfaí ar aghaidh ag tairgeadh a raidhfil chlúitigh, “go dtí go ndearfaí ceann níos fearr”.
Ach ar mhothaigh sé ciontach as ceann de na gléasanna maraithe daoine is éifeachtaí riamh a dhearadh?
Seo a fhreagra féin ar an cheist:
“Cuireann daoine ceist orm go minic an mothaím ciontach mar gheall ar an fhulaingt daonna a dhéantar in ionsaithe leis an AK-47,” ar seisean.
“Insím dóibh gur dhear mé an gunna chun Máthairthír na Rúise a chosaint óna namhaid.
“Dar ndóigh, bíonn brón agus frustrachas orm nuair a fheicim coimheascair armtha agus m’arm á úsáid ar mhaithe le cogaí creachóireacha agus ar mhaithe le cuspóirí sceimhlitheoireachta agus coiriúlachta.
“Ach ní hiad na dearthóirí a chaithfeas freagracht a ghlacadh as cá háit a gcríochnaíonn siad suas; is iad na rialtais a chaithfeas smacht a choinneáil ar a dtairgeadh agus ar a n-easpórtáil.”
Bhí cuid mhaith den fhírinne ag Kalashnikov ansin ach ar an drochuair níor tháinig ann don uair go fóill a bhfuil margadh na n-arm faoi smacht iomlán ag na húdaráis.
Go deimhin, tá siad ann a déarfadh gur olc an socrú é sin chomh maith.
An staid is fearr ar ndóigh ná forbairt an chine daonna chuig sochaí chothrom shíochánta nach bhfuil aon ghá leis an AK-47 ná le haon arm eile, ach is fada uainn an lá sin fós.