Má tá an t-ádh ort seal a chaitheamh ar thrá de chuid na mór-roinne an samhradh seo, tchífidh tú coirp ghalánta idir bheag agus mhór daite le bicínithe bídeacha, bríste gearra agus tatúnna de gach cineál.
I ndomhan na gréine, bíonn tatúnna ar taispeáint ar choirp leathnochta agus nochta mar a bheadh ealaín ar bhallaí an tí iontu.
In Éirinn áfach, maireann an tatú faoi rún den chuid is mó, i bhfolach ar chraiceann bán faoi bhun ar gcuid éadaí.
Pé áit ar domhan a bhfuil tú, is cinneadh mór é tatú a fháil a bheas ar do chorp go deo.
Roinneann Síomha Ní Mhuirí, a fuair a céad tatú le déanaí, a cúig mholadh (in ord tábhachta) le haghaidh tatú síoraí.
1) An tEalaíontóir Tatú
“Go minic tabharfar tús áite do dhearadh an tatú ach ar an rud is tábhachtaí, i mo thuairim-se tá an t-ealaíontóir taobh thiar de.”
Déan do chuid taighde agus tar ar ealaíontóir ar ardchaighdeán a léiríonn scoth na saoirseachta agus a bhfuil muinín agat as/aisti.
Ealaín is ea é go bunúsach agus ba cheart go rachadh an scil, an stíl agus an saothar i bhfeidhm ort.
Aimsigh duine a bhfuil ionracas ag baint leis/léi.
Ní ceart go ndéanfar an tatú ar an chéad choinne mar shampla agus tú ag siúl isteach ón tsráid – is comhartha é seo nach bhfuil tú san áit cheart.
“Tabharfaidh ealaíontóir tatú maith léargas duit faoina bhfuil i gceist le tatú a fháil agus deis duit smaointe a phlé thar tréimhse ama.”
– An t-ealaíontóir a roghnaigh Síomha: Colour Works Tatoo Studio, Baile Átha Cliath
2) Amscála
Glac d’am. Is iad na daoine nach ndearna ullmhúchán is mó a mbíonn aiféala orthu na blianta ina dhiaidh.
“Le cinntiú go bhfuil bonn ceart curtha, caithfear am a chaitheamh le rud agus oibríonn tatú síoraí ar an tslí chéanna. Bhí mé ag iarraidh tatú a fháil ar feadh na mblianta ach ní go dtí gur spreagadh mé le déanaí go ndearna mé an beart.”
Próiseas fada atá ann fiú nuair atá tú lán cinnte gur mhaith leat tatú.
“Chaith mé breis agus mí i mbun taighde – ag léamh faoi thatúnna agus faoi ealaíontóirí éagsúla sular tháinig mé ar an duine ceart.
“Tar éis sin, bhí anonn is anall idir an dearthóir agus mé féin inar cuireadh dréachtaí éagsúla den dearadh le chéile sular raibh muid sásta an tatú a dhéanamh.”
– An t-am a thóg Síomha: 3 mhí agus blianta a bheith ag iarraidh tatú a fháil
3) Scéal an Tatú
Go minic tagann daoine ar shiombail nó ar dhearadh as leabhar.
Taitníonn sé leo ag an am ach le himeacht roinnt blianta éiríonn siad bréan den íomhá chéanna.
Ach má tá scéal taobh thiar don tatú, is mó seans go mbeidh dúil agat sa tatú fad do shaoil.
“Is féidir scéal pearsanta nó eachtra ar leith a tharraingt isteach sa tatú agus beidh tábhacht leis go deo.
“Pléigh na smaointe seo leis an dearthóir, tarraing sceitsí beaga i leabhar nótaí nó scríobh síos focail a bhaineann leis an scéal – fiú muna bhfuil maitheas iontu, beidh siad mar spreagadh ag an dearthóir.”
– An scéal: I gcuimhne mo mháthar – scríbhneoir, file agus bean léinn
4) Láthair an Tatú
“Tá sé tábhachtach a bheith ciallmhar faoin áit a mbeidh an tatú ar do chorp.”
An gcuirfidh sé isteach ar do chuid oibre? Ar mhaith leat go mbeadh sé feiceálach ó lá go lá nó arbh fhearr leat cúinne beag a aimsiú nach bhfeiceann solas an lae ró-mhinic?
Díreach mar a bhíonn treochtaí faisin, bíonn áiteanna áirithe an choirp faiseanta le haghaidh tatú ar feadh tamaill ach tar éis tamaill ní bhíonn. Glac íochtar an droma, mar shampla, nó an ‘an tramp stamp’ mar is fearr aithne air.
B’fhearr áit den chorp a aimsiú a mbeidh cuma mhaith ar an tatú i gcónaí. An gcuirfidh tú meáchan ort féin? An mbeidh tú ag iompair clainne?
Beidh an tatú seo ort agus tú ag dul anonn in aois. Déan do mhachnamh faoi na rudaí seo agus tú ag iarraidh teacht ar chraiceann oiriúnach don tatú.
Smaoinigh ar an ghúna beag dubh a bheas faiseanta go deo.
– Láthair a tatú: Rí na Láimhe
5. An Dearadh
Tá na chéad cheithre phointe mar a bheadh bunchloch agat le go mbainfidh tú sásamh agus pléisiúr as an tatú go síoraí.
Fiú má fhaigheann tú bréan den dearadh, beidh tú ábalta tarraingt ar na gnéithe eile; an ealaín, an tsaoirseacht, an scéal a bhaineann leis agus beidh tú ar do shuaimhneas faoin áit ina bhfuil sé ar do chorp.
Má tá scéal pearsanta taobh thiar de ní bheith fonn ort dul i dtreo dearthaí atá i leabhar éigin nach bhfuil brí ná bunús aige nó dearthaí atá faiseanta inniu ach nach mbeidh ar ball.
Cá háit ar imigh na tatúnna Ceilteacha de chuid na náideanna ar fad?!
“Ó thaobh an dearadh féin de, tá scáthlíniú tábhachtach agus d’fhanfainn amach ó dhobhardhath – cé go mbíonn cuma álainn orthu nuair a dhéantar iad ní fada an dath ag tréigean.”
– An dearadh deiridh: Cleite, Tús litir a hainm, ealaí ag eitilt ón saol seo isteach go saol eile (thuas)