A Mhná na hÉireann…mórshaothar nua le Ciaraíoch

Tá fáil anois ar phriontaí den mhórshaothar is nua ó pheann an ealaíontóra Ciaraíoch ar a siopa ar líne. ‘Mini Mná’ is teideal don phíosa nua agus ceiliúrtar ann mná iontacha Éireannacha agus a n-éachtaí i gcaitheamh na mblianta. 

Chaith Ciaraíoch, a bhfuil cáíl uirthi as a cartúin chliste, mí na Samhna ag roinnt na n-íomhánna de mhná Éireannacha a rinne éachtaí i réimse éagsúla den saol ar a cuntais Twitter agus Instagram, i sraith ar ar thug sí ‘Mnávember’. 

Dúirt Ciaraíoch le NÓS go dtaitníonn sé leí a bheith ag foghlaim faoi mhná stairiúla agus, ar ndóigh, gur mór an sásamh di a bheith ag tarraingt pictiúr, go háirithe éadain daoine. 

“Is éard atá sa tsraith ná ceiliúradh ar mheascán ban, idir mhná mór le rá agus mná nach bhfuil chomh cáiliúil céanna go háirithe. Is Éireannaigh uilig iad, agus baineann a bhformhór acu leis an am atá caite, i réimsí éagsúla. Bhí mé ag iarraidh béim a leagan ar ar bhain siad amach lena linn féin, mar is minic a dhéantar dearmad ar na mná seo.

“Togra eolais dom féin a bhí ann, dáiríre, mar bhí mé ag iarraidh foghlaim níos mó fúthu ach sa deireadh tharla sé gur bealach an-sciobtha agus éasca a bhí ann an t-eolas a bhí faighte agam féin a roinnt le daoine eile,” a dúirt sí. 

Díolann Ciaraíoch a cuid ealaíne ar an suíomh Inprnt. Is féidir an t-íomhá ‘Mini Mná’ a cheannacht i bhfoirmeacha éagsúla — mar chlúdach fóin, mar phóstaer, ar chanbhás agus i bhfoirmeacha eile nach iad — ar leathanach pearsanta an ealaíontóra. 

SCÉALTA EILE