Tá daoine as gach taobh den domhan ag maisiú a gcraicinn le tatúanna leis na céadta bliain anuas. Sean-ealaín is ea é agus í fréamhaithe sa stair ach is minic sa lá inniu a dhéantar steiréitíopáil dhiúltach ar dhaoine a bhfuil tatúanna acu.
Sin ráite ní hé go ndeachaigh míthuiscintí coitianta nó claonadh ar bith ina choinne i bhfeidhm ar líon na ndaoine ar spéis leo tatúanna a fháil. Tá tóir níos mó ná riamh orthu, go háirithe le blianta beaga anuas. Samhlaigh anois nach rud aisteach é fear an phoist a fheiceáil agus tatú air, nó tatú a aimsiú ar an duine taobh thiar den gcuntóir sa bhanc.
Fós féin, nuair a fuair Cheryl Cole tatú mór a chlúdaigh cuid mhaith dá tóin, spreag sé an oiread spéise, idir mhaith agus olc, go mór mór ar na meáin shóisialta. Tatú mór idáite atá ann. Ealaín is ea é ach ealaín nach bhfuil gan sileadh fola.
Caithfidh go raibh sé thar a bheith pianmhar di tatú den saghas sin a fháil ach, mar a deirtear, “níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin”. Ní hé go mbeinn cróga go leor a leithéid de thatú a dhathú ar mo chorp ach is cinnte gur mhuscail an ‘chonspóid’ a chothaigh tatú tóna Cheryl mé chun machnamh a dhéanamh ar dhomhan na dtatúnna.
Labhair mé le Joe ‘Joker’ Mullan as Joker Tattoo i mBéal Feirste, a d’oscail siopa tatú seacht mbliana ó shin agus le Shane Guerrini as Dublin INK.
Tá foireann de cheathrar ealaíontóirí eile ag obair in éineacht le Shane, rud a chuir iontas orm agus a léiríonn an t-éileamh atá ann. Braitheann Joe go bhfuil dearcadh an phobail níos oscailte i leith tatúnna;
“Tá daoine amuigh ansin nach dtaitníonn tatúanna leo ach atá fós in ann a rá amach os ard gur ealaín atá ann,” ar seisean.
Ceapann Shane go bhfuil an baol fós ann go ndéantar idirdhealú ar dhaoine a bhfuil tatúanna acu. “Ní féidir gach daoine a thabhairt leat, ach mar shochaí caithfidh muid cinntiú nach bhfuil míchothromas nó leithcheal ann ó thaobh tatúnna de”.
Seans nach bhfuil muid ag an bpointe sin go fóill ach tá níos mó daoine cáiliúla le tatúanna anois, a théann i bhfeidhm ar dhearcadh an phobail i gcoitinne i rith an ama. Cuirtear an ealaín, atá le feiceáil ar choirp iomráiteacha, i láthair mar chuid de ghnáthshaol na linne.
Cúpla bliain ó shin, bhí cláracha ar nós Miami Ink agus LA Ink i measc na gclár is mó tóir ar MTV. Feiceann Shane go bhfuil tionchar á imirt ag daoine cáiliúla, agus tá sé le feiceáil sa bhorradh atá ag tarlú san earnáil faoi láthair dar leis.“Bliain ó shin bhí gach duine ag iarraidh scáthchruth d’éan a fháil agus roimhe sin bhí tóir ar réaltaí.
Anois agus daoine ag iarraidh an ‘mhuinchille’ a fháil déanta, bíonn seans agam a bheith cruthaitheach leis an dearadh,” a deir sé. “Bheadh daoine i gconaí ag iarraidh na siombailí Seapánacha agus a leithéid sin, ach ní thógann sé seo ón ealaín, má tá siad déanta i gceart,” arsa Shane.
Creideann Joe go bhfuil na tatúanna a fhaigheann daoine ar a gcuid laethanta saoire, agus ar chostas saor, ag déanamh dochair don earnáil agus nach ealaín iad; “Tá daoine ann atá ag iarraidh tatú ar mhaithe le faisean agus daoine eile ag iarraidh rud éigin a rá lena tatú. “Cíbe cén fáth a bhfuil daoine áirithe ag iarraidh tatú, caithfidh an t-ealaíontóir agus an duine a bheith sásta agus bródúil as,” arsa Shane.
Is rud pearsanta é tatú a fháil ach tá fíorú na pearsantachta sin ar an gcraiceann ag bráth ar mheascán de chumas an ealaíontóra agus stíl an duine féin, rud a chinnteoidh go mbeidh cruthúcháin éagsúla le feiceáil i gcónaí.
Le tuilleadh eolais a fháil ar obair Joe agus Shane buail isteach ar na leathanaigh Facebook Dublin Ink Tattoo agus JokerTattoo Studio.