Tá múnla cré ar taispeáint i Réadlann Greenwich Shasana, a thugann tuiscint níos fearr ná riamh dúinn ar an chineál lóistín a bheidh ar fáil do na chéad lonnaitheoirí ar Mhars.
Is fada an chaint faoi mhisean spáis 2030 go dtí an pláinéad dearg ach is beag eolas atá againn go dtí seo faoin sórt saoil a bheadh á chaitheamh ann.
A bhuíochas leis an tsraith úr ‘Mars’, atá á craoladh ar National Geographic faoi láthair, tá léiriú á thabhairt ar na seifteanna maireachtála a bheadh in úsáid ag na chéad lonnaitheoirí, mar aon le sampla den chineál tí a gcuirfidís fúthu ann.
Ar an chéad fhéachaint, tá an teach an-chosúil le híoglú.
In áit brící oighir áfach tá cré, a rinneadh le hábhar atá ag teacht le talamh creagach Mharsa.
Is maith linn go bhfuil nósanna glasa in airde ag marsadóirí na todhchaí agus athchúrsáil déanta ar pháirteanna den spásárthach i dtógáil an tí.
I measc na ngnéithe spéisiúla den tsamhail, tá slí isteach aerdhíonach, cruinneachán féachana trédhearcach, tarchuradóir (transmitter) cumarsáide agus sciatháin a chuireann le seasmhacht an tí agus a thugann cosaint dó in aghaidh na gaoithe móire ar Mhars.
Titeann an teocht síos go 158 fahrenheit ar Mhars in amanna agus tá cosaint ar fáil ón fhuacht sna ballaí tiubha fosta.
Is é an aidhm atá ann ná go mbeadh teach á thógáil, ceann ar cheann, le meascán d’ábhar atá ar fáil go réidh ar Mhars agus ábhar a bheadh á thabhairt amach ag na heachtraithe (adventurers) spáis ón Domhan seo.