Thiomáin mé an-chuid gluaisteán ón rannóg ‘dlúth-SUVanna’ (nó Compact SUVs) le déanaí.
Tá go leor carranna sa rannóg seo agus tá an formhór acu déanta ar ardchaighdeán.
Is é an Fiat 500x an ceann is déanaí a bhí agam agus tá sé á chur i gcomparáid leis na céilí comhraic is mó atá aige!
Fiat 500x VS Jeep Renegade
Tá an Renegade bunaithe ar an 500x. Déantar sa mhonarcha chéanna gluaisteán iad agus úsáidtear an t-ábhar céanna lena ndéanamh.
Seachas stiúradh na feithicle, tiomáintear ar an gcaoi chéanna iad.
De bharr tomhas colainne an Fiat 500x tá níos lú den rabhláil choirp (body roll) ag baint léi.
Níl an Renegade chomh haeraidinimic céanna toisc go bhfuil sé deartha mar a bheadh bosca ar cheithre roth ann.
Mar sin féin, táim den tuairim go bhfuil an Renegade ar cheann de na SUVanna is deise, ó thaobh stíle de, sa rannóg.
Tá neart spáis ar an taobh istigh den dá charr. Bheadh spás compordach ann do cheathrar daoine fásta ach d’fhéadfaí cúigear a bhrú isteach iontu.
Tá búit an Renegade leagtha amach níos fearr mar gheall ar an díon claonta (sloped roof sa Bhéarla) atá ar chúl an 500x.
Buaiteoir?
An Renegade toisc go bhfuil sí níos áisiúla, go háirithe, má roghnaíonn tú ceann faoi thiomáint cheithre roth.
Fiat 500x VS Mazda CX-3
Tá an spás céanna ar fáil sa Mazda CX-3 ach bheadh stíl an CX-3 níos nua-aimseartha agus an 500x níos nua-reitreo.
Tá an CX-3 níos éifeachtúla ó thaobh breosla de.
Thiomáin mé an dá charr thar 600km agus, ar an meán, d’úsáid an CX-3 4.7 lítear do gach 100km.
D’úsáid an Fiat 6.3 lítear do gach 100 km.
Níl ceachtar den dá charr ró-iontach ar bhóithre nach bhfuil cothrom. Is dócha go bhfuil crochadh an CX-3 níos daingne agus go mbíonn greim níos fearr aige ar tharmac.
Buaiteoir?
An CX-3 toisc í a bheith níos fearr ar bhreosla agus níos fearr ar na bóithre.
Fiat 500x VS Opel Mokka
Bheadh an Mokka níos séimhe ó thaobh stíle de ar an taobh istigh agus ar an taobh amuigh.
Is í an fhadhb is mó a bhaineann leis an taobh istigh den Mokka ná go bhfuil an córas cumarsáide agus siamsaíochta as dáta.
Níl an córas InteliLink is déanaí atá ag Opel in úsáid sa Mokka.
Da bhrí sin, tá an iomarca cnaipí ann agus bíonn sé deacair tuiscint a fháil ar an bhfeidhm a bhaineann leo.
Tá an scáileán tadhallíogair (touch sensitive screen) sa 500x i bhfad níos simplí.
Bhain mé níos mó taitnimh as an 500x a thiomáint. Tá an Opel maith go leor ach mhothaigh mé é rúinne beag róshéimh agus mé á thiomáint.
Mothaíonn an Fiat níos éadroime agus níos lú agus tá sí éasca ar na coirnéil.
Buaiteoir?
An 500x toisc go bhfuil sé níos spraíúla.
Fiat 500x VS Suzuki Vitara
Bhí iontas orm cé chomh spraíúil is a bhí an Suzuki Vitara. Bheadh caighdeán na n-earraí atá ar an taobh istigh den 500x i bhfad níos airde ná sa Vitara.
Bheadh sé ar nós comparáid a dhéanamh idir éadaí de chuid LIDL agus éadaí de chuid Versace.
Bheadh éadaí de chuid Versace níos daoire agus níos faiseanta, ach bheadh daoine ar cuma leo faoi rudaí mar sin, sásta níos lú airgid a chaitheamh.
Níl an Vitara ró-iontach ar choirnéil agus is féidir gach uile chloch a mhothú ar na bóithre.
Níos minice ná a mhalairt bheinn ag gearán faoi na rudaí seo, ach, i gcás an Vitara measaim go gcuireann na drochrudaí seo le spraoi na feithicle.
Buaiteoir? Cé go bhfuil neart siamsa ag baint leis an dá charr, measaim gurb í an Vitara an carr ‘is spraíúla’ sa rannóg.
Fiat 500x VS Nissan Juke
Tá an Nissan Juke spraíúil agus séimh. Is é an rud is mó a chuireann isteach orm faoin Juke ná a laghad is atá an tanc breosla. Ní hé go n-ólann an Juke breosla go sciobtha, ach is gá é a líonadh i bhfad rómhinic.
Tá an Juke thar a bheith mín agus réidh ar na bóithre ach bíonn rabhláil choirp ag baint leis ar choirnéil. Seachas sin bíonn greim maith aige ar bhóithre.
Cé go bhfuil an Juke compordach níl móran spáis ann agus mothaíonn tú go bhfuil tú brúite isteach ann. Tá an stíl ar an taobh amuigh den Fiat níos deise, freisin.
Buaiteoir?
Is dócha an Fiat, ach níl an Juke i bhfad taobh thiar de!
Measaim gur rogha an-deas atá sa 500x.
An é an gluaisteán is fearr sa chatagóir? Ní hé, ach tá an rannóg seo ar cheann de na rannóga is iomaíocha atá ann agus, dáiríre píre, tá an 500x i measc an chuid is fearr.