Tá rud éigin an-tarraingteach faoina bheith ag spaisteoireacht thart i leabharlann ach seans go mbeadh turas saghas fada agat sa cheann nua leithleach seo sa tSín.
Suite i gceantar cultúir na cathrach Binhai in oirthuaisceart na tíre, níor thóg sé ach trí bliana orthu an leabharlann mhórthaibhseach 5 urlár seo a chríochnú agus anois tá sé ag mealladh airde fud fad na Síne agus níos faide i gcéin.
‘Súil Binhai’ an leasainm atá á thabhairt ar an fhorbairt nuálach seo – ina bhfuil timpeall 1.2 milliún leabhar – mar gheall ar an sféar sa lár agus níl aon amhras ach gur cuid súl í an ailtireacht ardchaighdeáin trí chéile.
Chun cur leis an atmaisféar léannta tá íomhánna de leabhair fiú péinteáilte ar na ballaí chun cuma níos iomláine a chur ar an bhailiúchán, amhail is dá mbeadh sé de dhíth!
Meas sibh an bhfuil aon chóip de Cré na Cille acu?