An maide féinín is faide riamh


Tá comhlacht meán i nDubai tar éis an churiarracht dhomhanda a shárú don mhaide féinín is faide.

Bhris ITP Live an churiarracht an tseachtain seo caite nuair a ghlac siad grianghraf le maide féinín a bhí 16.6 méadar ar fad.

Ba le Samsung Galaxy S8 a tógadh an pic agus bhí ionadaithe ón Guinness Book of Records i láthair sa chathair is mó in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha leis an churiarracht a chlárú go hoifigiúil.

Go dtí sin ba ag na blagálaithe Iodálacha Matt agus Bise a bhí an teideal domhanda ó ghlac siad féinín le maide 15.57 méadar ar fad i mí na Samhna anuraidh.

Tá an-rath ar mhaidí féinín le tamall de bhlianta anuas.

Úsáidtear chomh forleathan anois iad go bhfuil roinnt ionad clúiteach ar fud an domhain tar éis cosc a chur orthu mar gheall ar chúiseanna slándála, Disney World, Universal Studios agus baile Arsenal, staid Emirates i Londain, san áireamh.

SCÉALTA EILE