Níl mórán daoine nach raibh teach crainn uathu agus iad óg.
Ach tá fear sa Nua-Shéalainn i ndiaidh an chéad chéim eile a thógáil.
Is dearthóir grafaice agus innealtóir meicniúil atá i Jono Williams, a bheartaigh teach ar leith a thógáil dó féin a bheadh cumhachtaithe ag an ghrian amháin, agus rialaithe trí Android.
Bhí sé i gceist ag Williams teach crainn a thógáil ar an chéad dul síos, ach i ndiaidh dó roinnt taighde a dhéanamh, chinn sé go mbeadh struchtúr cruach níos láidre agus níos sábháilte.
Bhí radharc den chéad scoth go fóill ina thosaíocht, áfach, mar sin thosaigh sé ag cur pleananna le chéile do theach a bheadh suite ar bharr colún mór a bhféadfaí é a chur áit ar bith dá mba mhian leis.
An toradh ar a chuid oibre ná Skysphere – teach ciorclach ina bhfuil fuinneoga atá 2m in airde agus 14m in imlíne, dearadh a dhéanann cinnte go bhfuil radhairc ag an chónaitheoir nach féidir a shárú.
An tríú gné is tábhachtaí do Jono agus é ag dearadh an tí ná teicneolaíocht, teicneolaíocht, teicneolaíocht.
Beidh an teach á chumhachtú ag an ghrian trí phainéil ghréine, agus beidh gach uile gléas agus giuirléid smachtaithe trí ghuthán Android.
Ina measc sin beidh:
– Glas dorais a osclaíonn trí mhéarlorg amháin
– Cuisneoir beorach sa tolg
– Teilgeoir HD mar theilifís
– Córas fuaime gan sreang
– Soilse LED ildathacha
– Ardán féachana ar an díon
Is smaoineamh réabhlóideach é Skysphere gan aon amhras a dhéanann an 21ú Aois a mheascadh le radhairc áille an dúlra, agus cé go bhfuil dúil mhór againn féin ann, rith ceist mhór amháin linn… Cá bhfuil an leithreas?!
Níl an obair go léir ar an Skysphere críochnaithe go fóill ná baol air, mar sin is féidir a chuid oibre a leanúint ar a leathanach Facebook.