Batmoibíl leictreonach

Tá an batmoibíl ina chuidiú ag Bruce Wayne le fada agus é ag troid in aghaidh a ndeargnaimhde ach seo carr a chuideoidh leis an domhan ar fad dul le ngleic le hathrú aeráide.

Is catagóir nua cairr é an FFZERO1, ollcharr slachtmhar snasta a ritheann ar leictreachas, cruthaithe ag an ghnólacht nuathionscanta Faraday Future lonnaithe i gCalifornia SAM.

faraday3

Déanta d’ábhar cumaisc éadrom, is iomaí gné tharraingteach atá ag an charr suíocháin aonair seo.

Bhainfeadh an tsíleáil ghloine lasta le soilse LED an anáil díot, gan trácht ar an roth stiúrtha ‘cliste’, clogad an tiománaithe a chuireann aer agus uisce ar fáil nó dearadh an tsuíocháin a chuidíonn le himshruthú fola sláintiúil.

Tá tolláin aeraidinimice ag rith trí chorp an chairr, a chinntíonn gur beag an tarraingt siar a chothaíonn an carr cumhachtach seo, róchumachtach b’fhéidir agus é chomh tapa le carr rása, dá ligfear dó!

faraday

Coincheap is é an FFZERO1 faoi láthair, cé gur luaigh an comhlacht go bhfuil féidearthachtaí ann go ndéanfar iad a thairgeadh ar bhonn teoranta go luath.

Cheana féin tá Mercedes, Telsa agus brandaí eile ag déanamh cuid mhaith infheistithe i gcarranna leictreonacha a rachaidh chun tairbhe an domhain, ach is léir go bhfuil Faraday Future chun tosaigh ó thaobh na stíle de!

SCÉALTA EILE