Boghanna Báistí Blasta!
Ar mhaith leat caife ealaíonta?

Tá barista in Las Vegas ag baint cáil amach lena lattes ildaite atá mar a bheadh boghanna báistí blasta ann.

Mason Salisbury an té atá ag cruthú na ndeochanna ealaíonta seo, a mbíonn pictiúir díobh le feiceáil ar a chuntas Instagram.

Ealaín Latte Shaordhoirte (Free Pour Latte Art) is ainm don teicníc seo ina measctar dathú bia le bainne.

Cruthaítear deartha éagsúla, ag brath go mór ar chumas an barista, le cúr an bhainne.

Ní rud nua é seo, dar le Salisbury, go háirithe ina measc siúd a bhíonn ag plé le ceird an chaife.

Rainbow

Is fada daoine ag baint leasa as dathú bia in ionad caife mar gheall ar a fhusa atá sé na deartha daite a fheiceáil – agus as siocair nach gá aon chaife deas a chur amú!

Ní hamháin ciallmhar, ach ealaíonta!

Is féidir níos mó d’ealaín latte Mason Salisbury a fheiceáil anseo!

It’s our @itslalalalexus so let’s start it with some fun stuff🔥🔥💥 // S /💫💫💫 ☀️☀️ #coffeesesh #latteart #coffee #coffeeporn #foodporn #art #igers #igdaily #picoftheday #alternativebrewing #trendybarista #masfotokopi #manmakecoffee #coffeeprops #instagood #espresso #cafe #barista #lasvegas #neveda #vegas #coffeetime #instacoffee #freepourjunkie #coffeeshop #coffeeart #baristadaily

A video posted by Mason Pressley Salisbury💚👫☕️🐶 (@ibrewcoffee) on