Tá Usain Bolt agus Simone Biles i measc na réaltaí móra atá i mbéal an phobail dhomhanda de bharr a n-éachtaí iontacha i Rio.
D’éirigh le fear Iamáice trí bhonn óir a bhuachan don tríú huair as a chéile ag na Cluichí Oilimpeacha agus ghnóthaigh gleacaíocht Biles na Stát Aontaithe ceithre bhonn óir, bonn cré-umha amháin agus tacadóirí ceanúla go leor.
Duine acu sin a ndeachaigh gaiscí na beirte i bhfeidhm air ná an t-ealaíontóir Meiriceánach Ben Zurawski.
Cruthaíonn Zurawski casleabhair (flipbooks) den scoth agus tá an ceann glic seo thíos curtha le chéile aige in ómós an Bholta… tá sé furasta é a chailleadh!
Agus seo a iarracht ar ghluaiseachtaí galánta Biles a ghabháil ar pár… níl aon chaill air sin ach an oiread!
Anois, meas sibh an mbeadh sé in ann casleabhar a dhéanamh de laochra s’againn féin?