Agus Lá na mBreacán á cheiliúradh inniu, tá Ciara Ní É ar ais arís le faisean an bhreacáin a chíoradh, ó na Garbhchríocha go dtí an scáileán mór!
D’oscail mé canna péisteanna agus cúrsaí breacáin á ríomh agam.
An iarraidh seo tá roinnt samplaí den bhreacán aimsithe agam daoibh, ó fud fad na cruinne.
Chaith mé uaireanta an chloig ag treabhadh tríd an idirlíon leis na pictiúir is fearr a sholáthar daoibh… go mbaine sibh sult astu!
Breacán sna Garbhchríocha – 1729
Seo an bealach a chaitheadh bean breacán, an feisteas traidisiúnta mar a bhí sna Garbhchríocha.
Acht na gCultacha – 1746
Seans go gcuirfeadh sé iontas oraibh ach, de réir an Achta seo, bhí bac ar bhreacán.
Sna blianta a lean, díbríodh cuid mhór de Ghaeil na nGarbhchríoch ón talamh agus faoin am go ndearnadh an tAcht a aisghairm sa bhliain 1782, bhí breacán ar an ngannchuid.
Ba iad bunaitheoirí Chumann Gharbhchríocha Dhún Éideann agus clubanna eile mar é, a chinn athbheochan a dhéanamh ar an stíl thraidisiúnta.
Cuairt an Rí Seoirse IV – 1822
Bhí bús mór ann i gcónaí nuair a tháinig Seoirse IV, Rí Shasana, go hAlbain.
Sular fhág sé Londain, chaitheadh sé thart ar £110,000 in airgead an lae inniu ar roinnt mhaith breacán, go mbeadh sé gléasta go maith in the ‘Garb of old Gaul’.
Agus an dúil léirithe ag an Rí Seoirse ann, thosaigh daoine ag cur spéise sa bhreacán arís agus níorbh fhada go raibh seasmhacht cinntithe ag na crosa agus línte agus é aitheanta mar fheisteas náisiúnta na hAlban.
An chéad ghrianghraf daite – 1861
Ba é ribín breacáin a bhí ina ábhar inspioráide don chéad ghrianghraf daite riamh, a ghlac James Clerk Maxwell.
Tagann breacán go SAM – 1914
Ag tús an 20ú haois, chonacthas an lománaí Paul Bunyan, laoch mór i mbéaloideas na Stát Aontaithe, ag caitheamh léine bhreacáin den chéad uair.
Bíonn an fear céanna le feiceáil i bpictiúir agus dealbha ar fud na tíre sa bhreacán céanna go fóill!
Surfálaithe sna Stáit – 1960í
Sna 1950í, thosaigh surfálaithe ag caitheamh léinte Pendleton agus chinntigh The Beach Boys rath an bhreacáin go ceann tamaill eile i measc lucht na dtonnta agus na baill ar fad le feiceáil ar chlúdach an albaim Surfin Safari ón bhliain 1962 i léinte breacáin.
Punc – 1970í
Úsáideadh breacán mar shiombail de chuid na réabhlóide.
Bhí baint ag an mbreacán leis an uasaicme, agus ghlac na poncaithe seilbh air mar ráiteas a léirigh a míshástacht le córas na Breataine, agus tíortha eile dá réir.
Bhí baint nach beag ag Vivienne Westwood leis an ngluaiseacht seo, agus tá breacán le feiceáil ina cuid éadaí i gcónaí.
Seo íomhá de Johnny Rotten ón bhanna ceoil The Sex Pistols, ar a raibh fear céile Vivienne Westwood mar bhainisteoir, a glacadh in San Antonio sa bhliain 1978.
Daisy Duke – 1979
Ag leanúint ar aghaidh ón nasc idir breacán agus na lománaithe, léiríonn Daisy Duke in The Dukes of Hazzard bealach eile leis na léinte a chaitheamh: ceangailte thar an imleacán, agus caite le bríste gearr.
Ceol grúinse – 1990í
Cosúil le punc, bhí frith-fhaisean ag teacht chun cinn i mbannaí ceoil grúinse
Feictear neart samplaí breátha de léinte breacáin: Nirvana, Pearl Jam, agus Soundgarden ina measc.
(Phioc mé Eddie Vedder len é seo a léiriú mar is é “Eddie Vedder plaid” ceann de na radhairc is deise ar domhan.)
Clueless – 1995
Dá mhéad breacán a bhíonn ann is amhlaidh is fearr é… mar a léirigh Alicia Silverstone agus Stacey Dash (i. Cher Horowitz and Dionne Davenport sa scannán Cluless)
Hiopstairí – 2010í
Idir an lumbersexual ag tús an ailt, nó muintir Williamsburg, tuigeann an saol is a mháthair gur breá le hiopstairí breacán.
Outlander – 2014
Táimid ar ais san áit ar thosaíomar, ar bhealach, leis an bhfeisteas traidisiúnta seo ón gclár teilifíse Outlander.
Mura bhfuil tú tar éis breathnú ar an gclár seo, agus má thaitníonn breacán leat (agus / nó Gàidhlig, tírdhreach álainn, cláir mhaithe…), b’fhiú go mór súil a chaitheamh air!
Má tá pictiúir agat díot féin ag caitheamh breacáin, ba bhreá linn iad a fheiceáil!