Bréidín, an Ghàidhlig agus Míoltóga


D’eisigh Banc Ríoga na hAlban nóta nuadheartha plaistigh £5 le déanaí atá lán le hiontais bheaga a dhéanann ceiliúradh ar shaol, ar theanga agus ar stair mhuintir na hAlban.

Den chéad uair riamh chuaigh an banc i mbun comhairle leis an phobal chun smaointe a lorg do dhearadh na nótaí.

Idir ealaíontóirí, fíodóirí agus sléibhteoirí, bhí meascán mór daoine bainteach leis an iarracht, agus cheana féin tá ‘Airgead na nDaoine’ á thabhairt ar an airgead nua.

nan

Is í Nan Shepherd, file agus úrscéalaí clúiteach a mhair sa chéad seo caite, atá ar aghaidh an nóta agus tá seoda eile i bhfolach ann a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den tír.

Ina measc, tá píosa filíochta le file iomráiteach na Gàidhlig, Somhairle MacGill-Eain, agus bréidín cnámha scadáin (herring bone tweed) nuadheartha.

Chomh maith leo sin, tugtar aitheantas cuí do chara beag ocrach na nGael, an mhíoltóg.

mioltog

Tá míoltóg ar gach nóta, agus dúirt Rebekka Bush, a bhí mar stiúrthóir cruthaitheachta ar an togra, gur léiriú é ar an fhéith ghrinn atá i muintir na hAlban.

Áit a bhíonn míoltóg amháin bíonn na mílte agus mhínigh Rebekka go raibh scata míoltóg i bhfolach, ar féidir leat iad a fheiceáil le solas UV amháin, deartha ag Timorous Beasties i nGlaschú.

Sa choirnéal thuas ar dheis tá bréidín álainn cnámha scadáin le feiceáil, é deartha go speisialta don togra seo ag fíodóirí atá ag obair sa mhuileann dheireanach ar an Abhainn Thuaidh (River Tweed) atá go fóill i mbun feidhme.

notabreidin

Tá mír ón dán ‘An Roghainn’ leis an mhórfhile Gàidhlig Somhairle MacGill-Eain ar an nóta nua cúig phunt chomh maith.

“Choisich mi cuide ri mo thuigse
a-muigh ri taobh a’ chuain.”

(Shiúil mé i gcuideachta mo thuisceana 
amuigh taobh leis an fharraige)

Tá sé scríofa i nGàidhlig ach nuair a chuirtear faoi sholas UV é, feictear an t-aistriúchán Béarla.

Dúirt Rebekka go bhfuil sé tábhachtach Albain a léiriú mar thír “nua-aimseartha” atá “fadradharcach”.

“Bhí muid ag iarraidh tarraingt ar rudaí a tháinig romhainn ach gan a bheith ceangailte acu.”

Chuir breis agus 100 duine de mhuintir na tíre smaointe chun tosaigh don dearadh.

“Nóta é atá deartha ag Albanaigh ar mhaithe le hAlbanaigh,” arsa Rebekka. “Is ceiliúradh é ar spiorad na nAlbanach.”

Meastar go mbeidh an nóta nua i gcúrsaíocht ar feadh 30-40 bliain agus is é an chéad chuid é i sraith nótaí a inseoidh scéal na tíre.

Seans go mbeidh tamall eile ann sula bhfaighidh muid féin greim ar cheann de na nótaí úra seo.

Idir an dá linn, tabharfaidh muid cluas le leagan álainn Julie Fowlis den dán ‘An Roghainn’ le Somhairle MacGill-Eain.

SCÉALTA EILE