Beidh na Gaeil i measc na ndearthóirí óga a léireoidh a gcuid cultacha, a cruthaíodh as bruscar agus ábhar athchúrsála, sa 3 Arena i mBÁC inniu, ag craobhchomórtas Junk Kouture na bliana seo.
Comórtas mór náisiúnta faisin é seo, atá á urrú ag Banc na hÉireann, ina mbeidh 80 foireann san iomaíocht sa chraobh.
Tháinig na foirne trí vótáil poiblí agus babhtaí réigiúnacha a mheall os cionn 1,150 iarratas i mbliana.
Ar cheann de na foirne buacacha a mbeidh a ndearadh ar taispeáint ar an ardán mór inniu, tá díograiseoirí óga ó Choláiste Oiriall, Muineachán.
Tá fás as cuimse i ndiaidh theacht ar an chomórtas ó reáchtáladh ar bhonn réigiúnach é san iarthuaisceart den chéad uair thiar in 2010.
Le cúig bliana anuas tá dúshlán á chur ar dhaltaí scoile na tíre cultacha ar féidir a chaitheamh, a dhearadh agus a chruthú as bruscar.
Ag labhairt le NÓS di, dúirt Sarah Curran, duine de bhunaitheoirí Junk Kouture, gur ábhar iontais dóibh féin an fás a tháinig ar an chomórtas agus gur léiriú é ar thallann dhearthóirí agus stílithe óga na tíre.
“Ar an mheán tá na rannpháirtithe 14-15 bliana d’aois agus táthar ag teacht aníos le dearaí atá ar chaighdeán na ndearthóirí móra atá ag feidhmiú go proifisiúnta,” ar sí.
Le gach bliain, dar le Sarah, tá na hiomaitheoirí ag tabhairt faoin dúshlán le tuilleadh samhlaíochta ná an bhliain roimhe agus tá siad ag tarraingt ar ábhar nach bhfacthas riamh.
Ag an tús bhí gnáth-bhruscar, cannaí agus páipéar in úsáid go minic ach i mbliana tá gúna amháin déanta den phacáistiú a gcuirtear inslin ann a úsáideann daoine a bhfuil diaibéiteas orthu.
Beidh Michaella Ní Dhonnghaile, Michaella Ní hAnluain agus Laura Ní hUallacháin as Coláiste Oiriall ag seasamh an fhóid ar an ardán taispeána ar son na nGael inniu lena ngúna ‘Punc Ballerina’.
#PunkBallerina #AbstractElegance #BOIStudents 😇 @Sadhbh1999 @CaoimheMcM99 pic.twitter.com/pLSlVhFO6g
— Laura Holohan (@LauraHolohan1) 4 Márta 2016
Agus tacaíocht óna múinteoir ealaíne Olivia Mulholland, mhínigh Michaella Ní Dhonnghaile le NÓS go ndearna siad an barr as seanmhiotal agus an sciorta le cúr inslithe (insulating foam).
“Bhailigh muid na rudaí a bhí againn agus thosaigh muid ag cur smaointe síos don dearadh. As sin a d’eascair an Punk Ballerina,” arsa Michaella.
“Reáchtáil muid feachtas ansin ar na meáin shóisialta leis an scéal a scaipeadh faoin dearadh agus le vótaí a tharraingt.”
Fágtar faoi na moltóirí, Louis Walsh an XFactor, mar aon le Lorna McGee, Rob Condon, Tracey Fahy, triúr atá ag obair in earnáil an fhaisin, é an cinneadh crua a dhéanamh an buaiteoir a roghnú.
Beidh dearaí na mbuaiteoirí á gcaitheamh ag beirt mhainicíní ar an chairpéad dearg ag première scannáin i Londain níos moille sa bhliain agus bronnfar scoláireacht bliana chuig Scoil Ealaíon agus Deartha Luimnigh (LSAD) ar an dearthóir is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na moltóirí.
Gach rath ar chailíní Choláiste Oiriaill!