Bua an Íocóin

Nuair a rugadh Che Guevara cothrom an lae seo in 1928 is beag a síleadh ag an am go mbeadh aghaidh an bhuachalla úd ar na haghaidheanna is clúití ar domhan 89 bliain anonn. Amharcann Cillian de Búrca ar fhás agus ar fhorbairt íomhá íocónach an réabhlóidí.


Faoin am ar maraíodh Ernesto ‘Che’ Guevara Lynch sa Bholaiv in 1967, bhí clú agus cáil dhomhanda ar an Airgintíneach mar réabhlóidí, ceannaire sóisialach agus laoch ag daoine bochta ar fud Mheiriceá Theas.

Ba de bhunadh Éireannach agus Bascach iad a mhuintir, rud, dar leis féin, a chuir lena nadúr reibiliúnach.

Thiontaigh Guevara chun an Mharxachais i ndiaidh dó turas a dhéanamh fríd an mhór-roinn ar ghluaisrothar le cara dá chuid (a n-eachtraí atá le feiceáil sa scannán iontach The Motorcycle Diaries).

Chuaigh an bhochtaineacht fhairsing i bhfeidhm go mór air agus gheall ‘El Che’ go gcaithfeadh sé a shaol ag troid ar son daoine bochta agus ar a son siúd faoi chois.

Ar feadh a shaoil, thaistil sé timpeall an domhain ag spreagadh daoine le héirí amach i réabhlóidí sóisialacha i dtíortha ar nós Ghuatamala agus an Chongó.

I gCúba, throid Guevara taobh le taobh le Fidel Castro agus réabhlóidithe eile óna gcró folaigh i sléibhte an Sierra Maestra, agus nuair a glacadh cumhacht ón deachtóir Fulgencio Batista rinneadh aire rialtais de.

Ba ag ócáid chuimhneacháin sa tír in 1960 a glacadh an grianghraf, ‘Guerrillero Heroico’, nó ‘Guairille Gaisciúil’, ag cumannaí dílis, Alberto Korda.

Ar ndóigh, is íomhá fhíor-chumhachtach é ach cén fáth a bhfuil grianghraf a glacadh beagnach 50 bliain ó shin go fóill le feiceáil ar t-léinte, póstaeir agus fiú mar thatúnna?

Creid nó ná creid, is mar gheall ar Éireannach atá an íomhá sin go forleathan inniu.

Ba é Jim Fitzpatrick – ealaíontóir Ceilteach as Laighin – a d’athraigh grianghraf Korda go dtí an íomhá íocónach sin a aithnítear fud fad na cruinne sa 21ú aois.

Dar le Fitzpatrick go raibh sé ag iarraidh ar an íomhá “pórú mar a bheadh coiníní ann”, agus ní raibh fanacht aige.

Roimh i bhfad bhí orduithe ag teacht ó ghrúpaí polaitiúla ó gach aon chearn den domhan.

Áit ar bith a mbeadh coimhlint ann – An Phalaistín, Tír na mBascach, An Cholóim – thiocfadh íomhá Che chun tosaigh mar shiombail na réabhlóide.

Is féidir leis an phortráid amháin seo daoine a spreagadh chun an fód a sheasamh in aghaidh leatroim, agus sa dóigh sin, spiorad Guevara a choinneáil beo.

I ndiaidh bháis Che, bhí leaganacha den phictiúr le feiceáil i rith chíréibeacha na mac léinn ar shráideanna Pháras, Milano agus Amstardam.

Bhí na scairteanna “Maireann Che!” le cloisteáil, agus b’fhíor dóibh – bhí athbheochán suime sa sóisialachas ar siúl agus an duine áirithe seo ba chúis le cuid mhór dó.

Is léir mar sin go raibh, agus go bhfuil, tionchar ollmhór ag Guevara ar shóisialaithe agus réabhlóidithe mar aon go fóill.

Ach cad é atá i ndán do spiorad seo na réabhlóide san am atá le teacht?

Is minic a fheictear an frása, ‘Hasta la Victoria Siempre’ – ‘Go dtí an Bua i gCónaí’ – ach cé acu a bhfuil an fíor-bhua?

I ndomhan atá ag éirí níos iartharaí gach bliain, ní éalaíonn comrádaí Guevara Ó Loinsigh fiú!

Thóg an t-iarthar saibhir an íomhá le cur ar éadaí, greamaitheoirí, fiú i bhfeachtas poiblíochta de chuid comhlachta vodca.

Úsáidtear a chuma ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta, iad siúd a chreid sé a bhí ag déanamh dóchair don lucht oibre.

Mar sin, nach bhfuil in Che agus ina aisling anois ach branda caipitlíoch?

Tá fírinne áirithe sa mhéid sin i measc cuid mhór den iarthar, áit nach dtuigtear an teachtaireacht a bhí ag laoch na gcumannach, ach i Meiriceá Laidineach, seasann íomhá Che – lena chuid gruaige dorcha fiáine, bairéad dubh agus stánadh géar – seasann sé do streachailt armtha an phobail agus don réabhlóid go fóill.

“Ní bhfaighfidh a íomhá bás choíche, ní bhfaighfidh a ainm bás choíche”, arsa Fitzpatrick (thuas), agus seans go bhfuil an ceart aige.

Bhí cuma ar an scéal go raibh Che den bharúil chéanna; ba iad a fhoclaí deireanacha ná, “Scaoil leat a chladaire, níl tú ag dul ach fear a mharú”.

Thuig sé go rachadh an réabhlóid ar aghaidh, agus go gcuimhneodh sóisialaithe ar a theachtaireacht.

Go deimhin, ní dhéanfaidh muintir Chúba dearmad air, agus ar fud an domhain beidh súile nearta an ‘Guairille Gaisciúil’ ag amharc amach ó bhallaí seomraí leapa sna bliantaí atá le teacht, agus a fhoclaí ag dul i bhfeidhm ina slí féin ar ghlúnta eile.


Foilsíodh leagan den alt seo in Eagrán #2 de NÓS.

SCÉALTA EILE