Má tharlaíonn tú a bheith gar do Bhaile na Lorgan (Fivemiletown) i gContae Thír Eoghain an tseachtain seo, tabhair cuairt ar na burlaí féir ealaíonta seo a bhfuil graifítí iontach ildaite le feiceáil orthu.
Seans maith go mbuailfidh tú leis an Fheirsteach Kev Largey i measc na mburlaí agus iad á ndathú aige le roinnt laethanta anuas.
Tá Kev ag obair le Tionscadal Ealaíon Shliabh Beatha ar an togra seo, a bhfuil sé mar aidhm aige na healaíona a chur chun cinn sa ghnáthshaol i measc pobail tuaithe.
Is cinnte go luíonn an fhís seo go hiontach le Kev, a bhfuil na blianta caite aige ag cur graifítí le háiteanna tréigthe i gcathair Bhéal Feirste chun spásanna ealaíne a dhéanamh díobh.
Cara mór leis na Gaeil é Kev, an fear céanna a rinne an graifítí ar sheit Buillí, sraith cheoil de chuid na seirbhíse nuachta Gaeilge Nuacht24 a craoladh in 2010.
Cé go bhfuil sé breá cleachta lena bheith ag tarraingt ar bhallaí agus ar fhoirgnimh, d’admhaigh Kev gur ghlac sé tamall air dul i dtaithí leis an phlaisteach ar na burlaí féir.
Ach bhí sé ag súil leis sin.
Scéal eile is ea an “leibhéal aclaíochta áirithe” agus an “cumas dreapadóireachta” atá ag teastáil chun na burlaí is airde a bhaint amach.
Go dtí seo tá graifítí curtha le 14 bhurla a sheasann mar a bheadh pirimid ann.
Ábhar lúcháire do Kev é go bhfuil an ealaín ag tarraingt an oiread sin airde agus spéise ó dhaoine atá ag tiomáint thar bhráid.
Is minic a tharraingíonn daoine isteach ar thaobh an bhealaigh chun comhrá a dhéanamh leis faoina bhfuil ar bun aige.
“Bhí lá amháin ann agus is cinnte go raibh níos mó cainte ar bun agam ná péinteáil,” ar sé.
Lá eile, thit na spéartha anuas ach bhí an t-ádh air foscadh a fháil ón fhearthainn i gcarr strainséara a bhí stoptha chun radharc níos fearr a fháil ar shaothar an ealaíontóra.
Tiocfaidh tú ar Kev agus na burlaí féir ar an A4, taobh amuigh de Bhaile na Lorgan agus tú ag dul i dtreo Bhéal Feirste.