Cartún ‘Lá Nua’ faoi NÓS

Seoladh an chéad eagrán riamh den iris seo Lá Fhéile Pádraig 2008.

An fhís a bhí againn an uair sin ná go mbeadh foilseachán comhaimseartha cultúir ag pobal na Gaeilge, foilseachán a chlúdódh suimeanna coitianta an tsaoil agus a bheadh inchurtha le haon iris eile i dteanga ar bith ar domhan.

Foilseachán a spreagfadh pobal na teanga chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh.

Tá an fhís chéanna againn inniu agus an baile nua idirlín seo anois ag comhlánú an leagain chló agus líon na léitheoirí ag méadú go leanúnach dá bharr.

Bunaíodh NÓS mar thionscnamh iomlán deonach agus tá an meon pobalbhunaithe sin fós ag croílár na hoibre a dhéanaimid ó lá go lá.

Beidh i gcónaí.

Ag amharc siar seacht mbliana ó shin, ba mhór an steall an rinne an chéad eagrán sin den iris – is féidir breathnú air anseo – agus bhí neart cainte ach go háirithe maidir le halt áirithe leis ‘An Cailín sa Chathair’, a scríobh an chéad cholún collaíochta riamh i nGaeilge.

Bhí an nuachtán laethúil Lá Nua go fóill ar an fhód an tráth sin agus, mar thuras beag siar ar bhóithrín na smaointe, seo mar a léirigh an cartúnaí Corcaíoch, Con, an aird a tharraing an scéal úd.

cartun-la-con

Nach mór an t-athrú a tháinig ar na meáin Ghaeilge ó shin agus an oiread scéalta faoi phorn a bhí ann i mbliana!

Ar aon nós, míle buíochas as bheith linn ar an aistear go dtí seo agus tá muid ag súil go mór sibh bheith in éineacht linn sna blianta amach romhainn agus, go deimhin, le tuilleadh cainte a spreagadh ar an bhealach!

SCÉALTA EILE