Abraigí slán leis na bioráin chniotála agus cuirigí fáilte roimh chathaoir luasctha a chniotálann hata breá olla agus tú ag luascadh siar agus aniar!
Beidh gach mamó sa tír in éad leis an chathaoir luasctha seo, a chruthaigh beirt mhac léinn, Damien Ludi agus Colin Peillexas, as Ollscoil Ealaíne agus Deartha Lausanne na hEilvéise.
Cuireadh dúshlán roimh an bheirt dearthóirí táirge, a chuireann eispéireas ar fáil chomh maith, a chruthú.
‘Cniotáil Luasctha’ is ainm don chathaoir adhmaid, a bhaineann leas as fuinneamh cinéiteach chun an chniotáil a dhéanamh.
Fiú agus an chuma ort go bhfuil tú ag ligin do scíth, le gach luascadh anonn is anall, cuirtear na giaranna a ghabháil agus déantar an snáth a bhogadh mar a bheadh bioráin chniotála thapa agus ordóga cumasacha ag obair.
Nach iontach an beanie beag a bheadh agat ar deireadh!